Dáil debates
Wednesday, 4 March 2015
Order of Business
12:30 pm
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Tá sé seo á rá ag an Rialtas ó mí Iúil an bhliain seo caite. Cuirtear an cheist uair sa seachtain. Ní an fhreasúra amháin atá ag cur na ceiste ach tá Teachtaí ar bhinsí an Rialtais ag cur na ceiste chomh maith. Níl sé maith go leor ag an staid seo nach bhfuil dáta ann maidir le díospóireacht ar na tuairiscí sin. An rud a chuala muideanna ná go raibh na cinnte déanta lastigh de na Ranna agus go bhfuil an locht orthu san. Ní freagra iomlán é an freagra a thug an Taoiseach. Tá fios agamsa go bhfuil na Ranna críochnaithe le seo. Is don Teach seo an cinneadh a dhéanamh agus ní na Ranna. Ba chóir don Aoire glacadh le seo agus na tuairiscí a chur faoi bhráid na Dála chún iad a phlé. Ba chóir don Taoiseach iarradh ar an Príomh-Aoire é sin a dhéanamh.
No comments