Dáil debates

Wednesday, 4 March 2015

12:30 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá ceist agam maidir leis an gCoinbhinsiún Bunreachtúil. Foilsíodh an tuairisc dheireanach acu anuraidh, measaim an lá deireanach de mhí an Mhárta an bhliain seo caite. Tá beagnach 12 mí imithe tharainn ach fós nílimid tar éis 14, nó ar a laghad 13, tuairisc a phlé. Gealladh dúinn go mbeadh díospóireacht nó, ar a laghad, freagra ón Rialtas againn lastigh de cheithre mhí ó foilsíodh na tuairiscí. Faoin am seo, is masla é dóibh siúd a ghlac páirt ann. Is mise duine acusan. Experiment maith a bhí ann. Mhol mé é ag an am agus ba chóir é a dhéanamh arís, ach ní fiú tráithnín é muna bhfuilimid sásta cloí leis an amchlár. Cén uair a bheidh díospóireacht againn sa Teach maidir le cearta vóta a thabhairt do shaoránaigh ina gcónaí lasmuigh den Stát, leasú a dhéanamh ar an Dáil agus cearta eacnamaíochta, sóisialta agus cultúrtha? Chomh maith le san, cathain a bheidh díospóireacht againn faoin gá do choinbhinsiún eile chun déileáil le ceisteanna móra eile a bhfuil fós le plé.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.