Dáil debates

Wednesday, 4 March 2015

12:30 pm

Photo of Micheál MartinMicheál Martin (Cork South Central, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá geallúint i gclár an Rialtais an méid daltaí atá ag tabhairt faoin Ghaolainn san Ardteist ag ardleibhéal a dhúbailt le linn tréimhse an Rialtais. Conas atá ag éirí leis an Rialtas maidir leis an geallúint sin? Cé mhéad daltaí atá ag déanamh an Ghaolainn ag ardleibhéal san Ardteist faoi láthair? Maraon le sin, tá sé soiléir sa chlár Rialtais go gcuirfeadh cláir infheistíochta i bhfeidhm ionas go mbeadh an Ghaolainn ar fáil i bhfad níos éasca do thromlach na ndaoine. Ar tharla é sin?

Cathain a bheidh an Acht Teangacha Oifigiúla tríd na Dála? Deirtear sa chlár Rialtais chomh maith go mbeidh an Rialtas ag tabhairt faoi chéimeanna chun múineadh na Gaeilge a dhéanamh níos éifeachtaí agus níos fearr agus é a fheabhsú, agus, nuair a bheadh sé sin déanta, go mbeadh an Rialtas sásta machnamh a dhéanamh ar chóir an Ghaolainn a bheith riachtanach don Ardteist. Ní aontaím le sin ach sin atá sa chlár Rialtais. Cad é tuairim an Taoisigh maidir le sin ag an babtha seo? An bhfuil an Rialtas chun aon chinneadh a dhéanamh ar sin sna míonna agus sa bhlian atá le teacht?

Dúirt an tAire, an Teachta Brendan Howlin, ag an deireadh seachtain gurb an botún is mó a dhein an Rialtas, dar leis, ná deireadh a chur leis na comhairlí bailte ar fud na tíre. Bhíos i gCathair na Mart an Aoine seo caite. Bhí díomá an domhain ar thromlach na ndaoine go bhfuil deireadh curtha leis an gcomhairle bailte a bhí ann. Tá an tuairim mar an gcéanna ar fud na tíre. Cathain a bheidh an reachtaíocht ag teacht ós comhair na Dála chun an cinneadh sin a athrú agus na comhairlí bailte a thabhairt ar ais. Dúirt an tAire, an Teachta Howlin, go gcaithfidh an Rialtas an cinneadh sin a athrú agus iad a thabhairt ar ais. Cathain a bheidh an reachtaíocht againn?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.