Dáil debates

Wednesday, 25 February 2015

12:30 pm

Photo of Enda KennyEnda Kenny (Mayo, Fine Gael) | Oireachtas source

Thug mé freagra don Teachta Mac Giolla Laoire faoin gceist a chur sé orm. Beidh sé sin foilsithe. Tá sé ar bhord an Rúnaí Ginearálta faoi láthair. Sílim go dtiocfaidh sé chuig an Aire go luath agus faoi cheann coícíse nó mar sin beidh sé foilsithe agus beidh díospóireacht ar siúl anseo.

Maidir leis an gceist a chuireadh orm faoi Bhille na dteangacha oifigiúla, sílim go mbeadh sé oiriúnach dá mbeadh díospóireacht anseo i rith Seachtain na Gaeilge. Beidh mé ag caint leist leis an bPríomhaoire faoi sin. Foilseofar an Bille sin sa seisiún seo freisin.

Ó thaobh na ceiste a chur an Teachta orm faoi chúrsaí poist, glacadh le ceannlínte an Bhille sin ar an 3 Feabhra seo caite. Tá obair ar siúl faoi láthair chun an Bille sin a thabhairt ar ais os comhair an Choiste agus os comhair an Rialtais. Sílim go mbeidh na logainmeacha thar timpeall na tíre cosanta sa Bhille seo-----

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.