Dáil debates

Wednesday, 21 January 2015

Junior Cycle Reform: Motion (Resumed) [Private Members]

 

5:55 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Measaim gur rún ríthábhachtach é seo agus is oth liom roinnt de na meoin atá mé tar éis cloisteáil cheana féin ó thaobh na caoi is féidir é seo a thabhairt i gcrích. Ar dtús báire, ní féidir riamh athrú chomh suntasach a thabhairt i gcrích muna bhfuil an dara dream is tábhachtaí taobh thiar de. Is iad na páistí atá ar scoil an dream is tábhachtaí i gcónaí. Má smaoiníonn tú siar, nuair a luadh seo don chéad uair, is faoi Rialtas Fhianna Fáil a luadh é agus bhí i gceist acu fáil réidh go hiomlán leis an teastas sóisearach. Ní raibh siad ag smaoineamh in aon chor faoi na páistí, bhí siad ag smaoineamh ar airgead a choigilt agus sin an tosaíocht mícheart. Lean an Rialtas seo an meon sin go dtí gur athraigh an tIar-Aire, an Teachta Ruairí Quinn, a intinn agus shocraigh sé an meon a athrú agus roinnt de na hábhair agus den scrúdúcháin a dhéanamh ar bhonn leanúnach. Dhein sé dearmad labhairt leis na múinteoirí agus iad siúd a labhraíonn ar son tromlach na múinteoirí, mar a bhí na ceardchumainn. Ní dhearnadh caint cheart leo.

Táimid den tuairim go bhfuil athruithe ag teastáil, ní hamháin leis an teastas sóisearach ach le go leor rudaí eile sa chóras oideachais freisin, toisc nach bhfuil sé go hiomlán foirfe agus ní bheidh sé riamh. Beidh athrú ag teastáil ann i gcónaí, ach sa lá atá inniu ann, san aois nuatheicneolaíochta seo, caithfimid athrú a dhéanamh, mar tá an teicneolaíocht seo ag déanamh múnlú ar aigne páistí ón gcéad bhliain nó ón dara bliain dá saol go dtí go bhfágann siad an scoil agus tá sé leanúnach. Nílimid tar éis athrú ina iomlán a dhéanamh sa tsochaí ná sa gheilleagar, ach cinnte nílimid tar éis an athrú sin a fheiscint sna scoileanna. Tá fadhbanna móra againn sna scoileanna agus má tá an Rialtas ag iarraidh déileáil le hathrú agus cuidiú le páistí sa chóras oideachais, ba chóir maoiniú ceart a dhéanamh ar na scoileanna sin. Ba chóir go mbeadh teacht ag gach uile páiste, ní hamháin sna meánscoileanna ach sna bunscoileanna chomh maith, ar ríomhraí de shíor. Sin an tslí atá an tsochaí imithe. Sin an tslí a bheidh ann amach anseo. Beidh páistí, agus an domhain go léir, ag brath ar ríomhraí.

Fós féin, níl teacht ag páistí go leanúnach ar ríomhraí. Níl teacht acu ar seomraí cuí chun staidear a dhéanamh, nó ranganna beag go leor chun an t-oideachas cuí a fháil. Má tá airgead acu, ar ndóigh, is féidir leis na tuismitheoirí íoc as seo agus íoc as ranganna breise. Ní tharlóidh sé sin faoin athrú seo. Cuideoidh an t-athrú seo leis na scoileanna atá airgead acu leanúint leis an apartheid atá ann faoi láthair. Má tá airgead ag duine, gheobhaidh siad an t-oideachas is fearr sa tír seo. Ní gá féachaint ar na ceantair ina bhfuil na scoileanna is fearr agus cé hiad na tuismitheoirí atá acu. Ní hé gur scoileanna príobháideacha iad go léir ach is scoileanna iad ina bhfuil breis airgid ag na tuismitheoirí, gur féidir leo infheistiú, mar ba chóir, i dtodhchaí na bpáistí. Ní tharlaíonn an t-infheistiú sin i gceantair bhochta, in ainneoin céard a dúirt Cathaoirleach an choiste oideachais níos luaithe. Níl fiú múinteoirí cuí ag na páistí sna scoileanna seo. Níl sin ag caitheamh anuas ar na múinteoirí. Uaireanta bíonn siad imithe. Tá athrú suntasach de shíor ag teacht ar mhúinteoirí i scoileanna ina bhfuil sé níos deacra orthu múineadh, toisc an stró breise atá orthu. Ní hé an réiteach ar an bhfadhb seo ná cur leis an stró atá ar na múinteoirí agus na scoileanna. Fáigh réidh leis na giorruithe agus ansin beidh maoiniú ceart ar na scoileanna. Is féidir ansin díriú isteach ar na hathruithe a bhfuil gá leo sa chóras, mar mura tharlaíonn sé sin, ní fiú tráithnín an t-athrú seo ach amháin go bhfuil an Rialtas ag cur leis an gcinedheighilt atá sa chóras oideachais sa Stáit seo faoi láthair.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.