Dáil debates

Wednesday, 21 January 2015

Workplace Relations Bill 2014: Report Stage (Resumed) and Final Stage

 

5:00 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le foireann na Roinne agus leis an Aire mar gheall ar an t-eolas a scaip siad agus a roinn siad linn i rith na díospóireachta seo. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Aire freisin mar gheall ar na leasuithe a ghlac sé a chuir mise os a chomhair. Tá brón orm nár ghlac an Rialtas an deis atá againn leis an reachtaíocht seo chun cearta oibrithe a dhaingniú níos fearr ag an bomaite seo. Táimid ag teacht chuig deireadh an Rialtais seo agus níl ach bliain amháin fágtha aige. Caithfimid déileáil leis na deacrachtaí, go háirithe rudaí mar insolvency. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le foireann an LRC agus leo siúd a bhí gafa leis an infreastruchtúr a bhí againn go dtí seo, a d'oibrigh go dian chun fadhbanna a réiteach. Guím gach rath ar an bhfoireann nua a thiocfaidh isteach anois de bharr na reachtaíochta nua.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.