Dáil debates

Wednesday, 10 December 2014

Companies Bill 2012: From the Seanad

 

4:55 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Aontaím go huile is go hiomlán leis an méid a bhí le rá ag an mbeirt urlabhraithe faoin ábhar seo. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach éinne sa Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta mar gheall ar an obair iontach atá déanta acu. Mar is eol do gach duine, is Bille iontach mór agus deacair atá idir lámha againn anseo. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil freisin leis an Company Law Review Group. Tá an-chuid oibre déanta acu le blianta anuas. Tá súil agam go gcabhróidh an reachtaíocht seo le gach éinne a ghlacann páirt i gcúrsaí gnó na tíre seo. Tá a fhios agam go bhfuil go leor rudaí sa Bhille seo, agus go mbeadh sé deacair dá bhrí sin aon rud a dhéanamh leis. Nuair a bhíonn ar lucht an Fhreasúra an oiread seo leasuithe a phlé, bíonn sé deacair orainn gach rud - proper surveillance, srl. - a dhéanamh i gceart. Tá a fhios agam go raibh sé deacair orainn déileáil leis na leasuithe nuair a tháinig cúpla Bille eile os ár gcomhair le trí nó ceithre mhí anuas. Tá súil agam go mbeidh an Roinn in ann iad a dhéanamh níos éascaí, más féidir, as seo amach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.