Dáil debates

Wednesday, 26 November 2014

Finance Bill 2014: Report Stage (Resumed)

 

10:50 am

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Donegal South West, Sinn Fein) | Oireachtas source

I move amendment No. 7:

In page 20, between lines 15 and 16, to insert the following:

"Annual Report of the Special Assignee Relief Programme

14. The Minister shall lay before the Houses of the Oireachtas an annual report showing the number of people who have availed of the Special Assignee Relief Programme (SARP), the number of additional jobs created by SARP and tax foregone as a result of SARP.".
Táim ag cur chun tosaigh an leasú seo ó thaobh SARP de. Mar atá a fhios ag an Aire, is ábhar cunspóideach é seo ó thaobh an pháirtí s'againne. Sílimid go bhfuil an Rialtas ag déanamh leathnú ar an scéim atá ann agus go bhfuil sé ag tógáil an uasmhéid de €10 milliún amach as an reachtaíocht agus ag rá gur féidir le duine ar bith buntaiste a bhaint as an ábhar seo. Is cuma cén ioncam atá siad ag saothrú agus caithfimid cuimhniú gurb é an rud atá ar fáil anseo ná go mbeadh 30% den méid airgid atá tú ag saothrú i ndiaidh €75,000 bainte amach as gur féidir leat ísliú cáin a fháil air agus nach nglacfaí ach an 30% sin de d'ioncam nuair atáthar ag déanamh suas cé mhéad cáin ba chóir duit a íoc. Is é an rud atá á chur chun tosaidh sa leasú seo ná go mbeadh tuairisc curtha i láthair i dTithe an Oireachtas ina sonraítear cé mhéad duine a bhain tairbhe as an scéim seo, cé mhead poistanna sa bhreis a chruthaíodh mar gheall ar an scéim seo agus cé mhéad cáin ar chailleadh don Stáit mar gheall uirthi. Mar a dúirt mé nuair a bhíomar ag déileáil le seo ar Chéim an Choiste, dúirt an Tánaiste ar úrlár na Dála gurb é an rud a bhí i gceist anseo ná go gcruthófaí 500 post do gach duine a bhain tairbhe as an scéim seo. Chímid ó na figiúirí a tugadh don Choiste Airgeadais an tseachtain seo caite nach sin atá i gceist ar chor bith, nach bhfuil na postanna seo á chruthú agus sílim go bhfuil sé an-tábhachtach go gcuirfear i tuairisc i láthair gach bliain ar úrlár na Dála agus an Seanaid ag déanamh cur síos ar stádas na scéime seo ag an phoínte sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.