Dáil debates

Thursday, 16 October 2014

Seanad Reform: Motion [Private Members]

 

1:20 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Is ceist rí-thabhtach í ceist an tSeanaid agus conas é a leasú. Sin an méid atá ós ár gcomhair anois i ndiaiaidh toradh an reifrinn anuraidh nuair a dúirt pobal na hÉireann linn nach raibh siad ag iarraidh fáil réidh leis agus, as sin, go bhfuil siad sásta glacadh leis. Ní dúirt siad, áfach, go raibh siad sásta glacadh leis an tSeanad mar atá sé. Is léir é sin d'aon duine a bhí gafa leis an díospóireacht faoin Seanad ag an am agus ó shin. Iarradh leasú a dhéanamh air. Iarradh déanamh cinnte nach áit é do elites na hÉireann agus nach áit é ina déantar macasamhail ar cad tá ag tarlú sa seomra seo, seomra atá bunaithe go huile is go hiomlán ar pháirtithe polaitiúla. Ón díospóireacht a bhí agamsa le mo theaghlach féin, is léir domsa go raibh siadsan ag lorg dearcadh difriúil a bheith ar fáil sa Seanad agus go mbeadh guth ag pobal na hÉireann sa Seanad trí bealach difriúil, bealach gan páirtithe polaitiúla. Bhí siad ag díriú ar an mbunfís a bhí ann nuair a bunaíodh an Seanad. Is é sin guth a bheith ag dreamanna difriúla agus spéiseanna difriúla á léiriú sa Seanad agus é seo á dhéanamh tríd na daoine a thoghtar nó iad siúd a ainmnítear don Seanad. Ar deireadh thiar thall, go léirítear leasanna oibritheoirí ann. Sin an fáth go bhfuil na painéil ann, ins go mbeadh daoine ag teacht ó na ceardchumainn ach go háirithe. Mar an gcéanna leis an bpainéal talamhaíochta, go toghtar daoine le cúlra sa talamhaíocht ann. Ní raibh sé i gceist go toghtar polaiteoirí a bhí tar éis seasamh i dtoghchán agus a teip orthu nó iad siúd ag pleanáil dul ar phinsin. Is iad daoine atá gafa leis na ceird, leis an ngnó agus gach rud a bhaineann leis an dtalamhaíocht a toghtar. Sa tslí sin, bheadh na daoine san sa Seanad ag cur trasna na príomh-ceisteanna agus na príomh-ábhair maidir le talamhaíocht, cultúr, na healaín agus na toghlaigh eile atá ann. Níl sé sin tar éis tarlú. Fáth amháin ar sin ná an athrú a rinneadh ar an tslí ina toghtar daoine don Seanad i rith réimis Fhianna Fáil. Athrú ab ea é sin chun déanamh cinnte de go mbeadh tromlach ag an Rialtas i gcónaí nó ar a laghad go ndéanfar iarracht an tromlach sin a bheith acu trí ainmniúchán aon duine déag an Thaoisigh.

Tá sé scanallach nach bhfuil an fís sin ann, go bhfuilimid sa chruachás ina bhfuilimid agus nach bhfuil meas ceart ag an bpobal air. An fáth nach bhfuil meas ceart air ná an bealach ina bhfuil na Seanadóirí tofa. Níl vóta ag gnáthpobal na tíre seo ar na daoine atá ag déanamh cinntí ar a son sa Seanad. Ba chóir leathnú ollmhór a dhéanamh ar an toghcheantar. Ní chóir vóta a bheith ag elites ar nós céimithe ollscoileanna áirithe, muide sa Dáil nó iadsan sna comhairlí contaetha amháin. Ba chóir toghchán a bheith ar an lá ceanna céanna le toghchán na Dála ionas go mbeadh daoine ag seasamh don Seanad ag seasamh ós comhair an phobail agus go mbeadh siad tofa dá réir. Chomh maith le san, ba chóir vóta a bheith ag gach uile saoránach Éireannach. Ansan, ní bheadh an Seanad ag díriú ar cheisteanna maidir leis an Stát amháin. Bheadh díriú ar saoránaigh na hÉireann atá scaipthe ar fud an domhain. Bheadh iarrthóirí ann agus iad ag seasamh ar an ardán sin chomh maith céanna. Tá botún déanta ag an Rialtas seo mar dúradh go mbeadh leasú agus athruithe ann maidir le polaitíocht sa Stát. Ba chóir don Taoiseach, nuair a bhí an deis aige, an cheist seo a chur fé bhráid an choinbhinsiúin ar an mBunreacht seachas reifreann a bheith againn. Ghlac mé páirt i bpróiséas an choinbhinsiúin. Árdaíodh an-chuid ábhair spéisiúla agus athruithe bunúsacha ag an gcoinbhinsiún. Bheimid in ann na rudaí sin a dhéanamh ach níor thug an Taoiseach an deis sin dúinn. Sin an botún is mó a rinneadh. Má tá an Taoiseach chun coinbhinsiún nua a bhunú, b'fhéidir ansan an áit cheart chun deaileáil leis an gceist seo. Níl sé tar éis deileáil leis na ceisteanna eile ón gcoinbhinsiún ar an mBunreacht go dtí seo ná go hiomlán. Níl aon reifreann feicthe againn go dtí seo ar na hábhair a aimsíodh ann. Tá jab mór roimh an Rialtas deaileáil leis an gcoinbhinsiún féin agus deaileáil leis na leasuithe ar chóir a dhéanamh maidir leis an tSeanad amach anseo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.