Dáil debates

Wednesday, 16 July 2014

Other Questions

Caiteachas Ranna

10:10 am

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source

An fhadhb atá agam ná nuair a théim i dteagmháil le Revenue, deireann siad liom go bhfuil uimhir faoi leith ann don Ghaeilge agus má chuirim glaoch ar an uimhir sin go bhfaighidh mé an tseirbhís trí Ghaeilge. Ach nuair a cuirim glaoch ar an uimhir sin, ní bhíonn éinne ann le Gaeilge ach bíonn daoine ann le Béarla agus deireann siad liom glaoch a chur orthu arís an chéad uair eile agus go mbeidh duine le Gaeilge ar an líne ag an am sin. Deirimse liom féin ansin nach bhfuil mé chun am a chur amú agus go bhfuil mé chun glaoch ar an líne Béarla as seo amach. Tá an rud céanna ag tarlú san Oireachtas inniu.

Táim ag caint faoin gciorrú ar airgead don nuachtán Gaelscéal agus dúnadh an nuachtáin sin bliain ó shin. Tá an tóin tite amach as an maoiniú do TG4 agus d'Fhoras na Gaeilge i bhforálacha na cáinaisnéise. Tá an tAire sa Tuaisceart ag iarraidh níos mó airgid a chur isteach i bhForas na Gaeilge, ach ní féidir léi mar nach bhfuil an Roinn anseo sásta an t-airgead céanna a chur isteach. Tá an Rialtas ag cur teorainn ar mhaoiniú do na heagraíochtaí Gaeilge ar fad. An fhadhb atá ann anois ná nach bhfuil an t-eolas ag an Aire agus an Aire Stáit maidir leis seo agus níl aon tuiscint acu maidir leis an bpráinn atá i gceist.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.