Dáil debates

Wednesday, 16 July 2014

Other Questions

Caiteachas Ranna

10:10 am

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Thar timpeall na tíre, tá daoine ag cur ceisteanna trí Ghaeilge isteach go dtí an HSE, go Revenue agus go dtí gach eagraíocht Stáit, ach tá na heagraíochtaí ag cur na freagraí ar ais chucu i mBéarla. Tá sé seo in aghaidh an dlí. Anois, sa Dáil tá an rud céanna ar siúl ag an Aire féin.

Dúirt an iar-Choimisinéir Teanga go raibh na heagraíochtaí ag briseadh an dlí de bharr nach raibh siad in ann freagra a chur ar ais chuig daoine i nGaeilge. Conas is féidir linn é sin a athrú muna bhfuil muid in ann é a athrú istigh anseo? Maidir le mo cheist, baineann sí le hÚdarás na Gaeltachta agus an t-ísliú bhuiséid atá tar éis tarlú. Tá an t-údarás ag cruthú post sna Gaeltachtaí, ach tá ciorrú uafásach déanta ar an maoiniú dó i gcomparáid leis an gciorrú a rinneadh ar an IDA nó Enterprise Ireland.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.