Dáil debates

Wednesday, 16 July 2014

12:20 pm

Photo of Enda KennyEnda Kenny (Mayo, Fine Gael) | Oireachtas source

Táim ag dul go dtí an Bhruiséil inniu. Ní bheidh mé in ann cuid de na teangacha ansin a thuiscint, ach tá córas aistriúcháin ar fáil. Tá córas aistriúcháin againn anseo freisin. Má thagann daoine isteach ón nGaeltacht chun caint leis an Aire, beidh sise in ann úsáid a bhaint as an gcóras sin leis an gcomhrá a thuiscint. Beidh an tAire Stáit i láthair freisin.

Bhí mé ag éisteacht inné leis an méid a bhí le rá ag an Teachta Éamon Ó Cuív. Tháinig sé isteach anseo agus dúirt sé nach bhfuil Gaeilge ar bith ag an Aire agus gur ceart go mbeadh Gaeilge ag an Aire. Bhí a chol ceathrar féin anseo le hocht mbliana mar Aire Gaeltachta, Síle, mo chara mór, de Valera, agus ní raibh focal Gaeilge ar bith aici. Ní dhearna sí iarracht í a fhoghlaim ach an oiread.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.