Dáil debates
Wednesday, 16 July 2014
Other Questions
Departmental Strategies
10:30 am
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis an Aire agus leis an Aire Stáit ar a gceapadh. Tá géarchéim láithreach acu. Bhí tosaíocht ag an Roinn i gcomhthéacs seirbhísí ar nós seirbhísí farantóireachta go dtí na hoileáin. Le gairid, d'fhógair Island Ferries go bhfuil sé i gceist acu deireadh a chur leis an tseirbhís atá acu go hInis Mór ar 1 Samhain seo chugainn. Ina dhiaidh sin, ní bheidh aon seirbhís báid go hInis Mór - dubh, bán ná riabhach. An bhfuil sé mar thosaíocht ag an Aire agus an Aire Stáit déanamh cinnte de go mbeidh seirbhís báid go hInis Mór ó 1 Samhain amach?
No comments