Dáil debates

Thursday, 3 July 2014

Employment Permits (Amendment) Bill 2014: Fifth Stage

 

3:15 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source

It might be more like a game of snakes and ladders than a game of chess. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na hoifigigh go léir sa Roinn a thug cabhair dúinn, go háirithe ar Chéim an Choiste. Bíonn deacrachtaí ann i gcónaí, ach b'fhéidir go raibh níos mó deacrachtaí i gceist sa chás seo. Is Bille uafásach tábhachtach é an Bille seo. Tá sé tábhachtach don gheilleagar. Tá súil agam go dtabharfaidh an reachtaíocht seo tacaíocht don gheilleagar as seo amach. Ní cheart go mbeimid leisciúil sa todhchaí. Caithfimid díriú isteach ar na daoine sa tír seo atá dífhostaithe, go háirithe iad siúd nach bhfuil na scileanna cuí acu. Ba chóir dúinn iarracht tréan a dhéanamh oideachas a thabhairt dóibh ionas go mbeidh siad in ann na postanna seo a líonadh. Tá níos mó ná 300,000 duine dífhostaithe sa tír seo. Ba cheart go mbeidís páirteach sa scéal seo freisin. Tá an reachtaíocht seo tábhachtach freisin dóibh siúd a thagann anseo ó thíortha eile. Is oth liom a rá go bhfuil sé fíor - uaireanta - nach mbíonn na caighdeáin céanna ag na daoine a thagann anseo. Ba cheart dúinn a chinntiú go bhfaigheann siad gach rud atá de dhíth orthu. Tá acmhainní de dhíth sa chóras seo. I mo chuid taithí, nuair a bhíonn daoine ag dul i dteagmháil leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála agus an Seirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann, is minic a bhíonn an-chuid moill ar an teagmháil eatarthu. Ba cheart go mbeadh níos mó airgid ag dul isteach sa Roinn sin ionas go mbeidh na hoifigigh in ann cabhair a thabhairt agus gach rud a dhéanamh go tapaidh. Bíonn sé an-deacair ar dhaoine nuair atá siad ag fanacht agus ag fanacht. Guím gach rath ar an Aire in the upcoming game of smakes and ladders. I am sure he will not be sliding downwards.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.