Dáil debates
Wednesday, 2 July 2014
Competition and Consumer Protection Bill 2014: Report Stage (Resumed)
6:10 pm
Peadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source
Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis na hoifigigh go léir as an gcabhair a thug siad dúinn. Ba mhaith liom freisin mo bhuíochas a ghabháil leis an Aire. Tá a lán rudaí maithe sa Bhille seo, ach tá fadhbanna leis chomh maith. I mo thuairim, is trua nach ndearnadh níos mó do ghnóthaí beaga na tíre seo. Freisin, ní oibreoidh an rud seo i gceart muna gcuirtear an t-airgead agus na hacmhainní ceart isteach. Caithfidh go mbeidh airgead ar fáil. Sa sean córas a bhí againn, chonaiceamar gur theip ar na heagrais a gcuid oibre a dhéanamh nuair nach raibh airgead nó acmhainní ann dóibh. Tá súil agam mar sin go mbeidh an fhadhb sin réitithe as seo amach.
No comments