Dáil debates

Tuesday, 1 July 2014

Ceisteanna - Questions (Resumed)

Cabinet Committee Meetings

6:15 pm

Photo of Enda KennyEnda Kenny (Mayo, Fine Gael) | Oireachtas source

I agree completely with Deputy Higgins. It should not be deemed wrong, inferior or awkward for a person to wear headphones in this House to understand the translation of a discussion that is taking place as Gaeilge. I support the Deputy because such behaviour is a matter of normal course at European Union meetings where numerous languages are spoken.

Tá an fhadhb seo thar a bheith práinneach, ach tá sé thar a bheith deacair freisin. I Ros Dumhach, mar shampla, le 14 bliain anuas tá deacrachtaí ann ó thaobh gáis na Coiribe a thabhairt isteach sa tír. Cé go raibh suas le 2,000 fir ag obair ansin le 15 bliain anuas, bhí deacrachtaí ann dóibh siúd a bhí ag iarraidh oibre a fháil agus ag iarraidh cur fúthu san áit sin. Cé go raibh an gáis ag teacht isteach agus go dtiocfaidh sé isteach sa Ghaeltacht, tá deacrachtaí ann. Tá deacrachtaí freisin maidir le cúrsaí feirmeoireachta éisc i gCuan na Gaillimhe, áit a mbeadh neart jabanna ar fáil do mhuintir Chonamara, dá mbeadh na coinníollacha ceart annn.

Tá rud maith déanta ag an Rialtas, leis an €500 milliún a cuireadh ar fáil do sheirbhís leathanbhanda fáil thar fud na tíre, seirbhís do na Gaeltachtaí san áireamh. Sílim go dtiocfaidh tairbhe as sin agus go mbeidh jabanna ar fáil le comhlachtaí beaga thar fud na Gaeltachtaí, chomh maith le gach áit eile. Mar shampla de sin, bhí mé ag caint leis an tAire Cumarsáide cúpla lá ó shin agus é suas in Oileán Árainn Mhór i nDún na nGall. Anois, tá tapúlacht 100 MBps ar fáil ansin agus tá daltaí ón mórthír ag freastal ar an scoil ar an oileán anois, rud nár tharla le blianta anuas.

Tá rud maith déanta ag an Aire Stáit chomh maith, ó thaobh brú a chur ar oifigigh stáit go mbeadh duine in ann Gaeilge a labhairt i ngach Roinn, agus níos mó ná duine amháin más féidir. Chuaigh mise isteach in oifig LEO san iarthar le déanaí, agus bhí triúr ansin a bhí in ann Gaeilge a labhairt agus déileáil le gnáth daoine le Gaeilge a bheadh ag teacht isteach. Sin an obair atá ar siúl. Ní dóigh liom go mbeidh mise in ann gach uile deacracht a réitiú le linn réim an Rialtais seo, ach déanfaidh mé mo dhícheall.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.