Dáil debates

Tuesday, 1 July 2014

Ceisteanna - Questions (Resumed)

Cabinet Committee Meetings

6:05 pm

Photo of Enda KennyEnda Kenny (Mayo, Fine Gael) | Oireachtas source

Tá ceist ag an Teachta Ó hUigín freisin. Bhí ocht gcruinnithe de fhochoistí an Rialtais agam inné, ó a hocht a chlog ar maidin go dtí leathuair tar éis a seacht sa tráthnóna. Lá fada a bhí ann. Ag an gcéad cruinniú eile de na fochoistí sin, beidh ceann a bhaineann le tábhacht na Gaeilge agus an obair atá ar siúl ansin.

Séard atá i gceist leis an bhfochoiste ná díospóireacht maidir le straitéis na Gaeilge agus nithe a éiríonn as sin a bhaineann le deacrachtaí atá ag muintir na Gaeltachtaí thar fud na tíre. Tá a fhios ag an Teachta gur toghadh Coimisinéir Teanga nua agus gur tugadh tacaíocht dó go mbeadh sé neamhspleách agus gur ghlac an Rialtas leis an gcomhairle a tugadh athbhreithniú a dhéanamh ar an bpost sin. Anois, tá an Coimisinéir Teanga neamhspleách. Rinneadh cinneadh freisin go mbeadh daoine ar fáil a bheadh in ann obair leis agus tá sin déanta.

Ba mhaith liom é seo a chur in iúl don Teachta Adams. Bíonn muid ag caint anseo anois agus arís faoi thábhacht na Gaeilge agus an méid cabhrach atá ar fáil, agus faoi bhás na Gaeltachtaí agus mar sin de. Ag an am céanna, mar pholaiteoirí a bhíonn ag dul thar fud na tíre casann muid ar daltaí, daoine óga agus mic léinn atá in ann fíor-Ghaeilge a labhairt de bharr go bhfuil siad ag freastal ar Ghaelscoileanna. Tá difríocht idir caighdeán an teanga labhartha ag na daltaí a fhreastalaíonn ar na scoileanna sin agus daltaí a fhreastalaíonn ar ghnáthscoil. B'fhéidir nach n-aontaíonn gach duine le sin, ach tá sin soiléir le feiceáil agus le cloisteáil.

I 2004, tugadh aitheantas oifigiúil don Ghaeilge ag Aontas na hEorpa. Bhí an tUacharánacht ar Aontas na hEorpa againn anuraidh, agus bhí cruinnithe de 61 comhairle againn i rith na hUachtaránachta sin, ach ní raibh Gaeilge le cloisteáil ach ag ceithre cinn de na cruinnithe sin. Freisin, tá díolúine againn i leith ár dteanga dúchais san Eoraip le fada an lá. Tá daoine ag rá gur cóir go mbeadh neart jabanna le fáil dá gcuirfí deireadh leis an díolúine sin agus dá mbeadh an Ghaeilge mar gnáth teanga labhartha in institiúdí na hEorpa. I 2012, bhí comórtas oscailte ann d'aistritheoirí Gaeilge agus bhí 38 poist le líonadh. Chuir 107 iarrthóirí isteach ar na poist sin, ach ní raibh ach seacht gcinn déag díobh a raibh caighdeán sách ard acu leis an obair aistriúcháin a dhéanamh. Mar sin, ní raibh ach 17 duine fágtha sa gcomórtas i ndiaidh na hiarratais a phlé. Táimid ag caint faoin gcóras seo le blianta fada agus cé go bhfuil aitheantas oifigiúil tugtha don teanga le blianta anuas, nílimid mar thír in ann an méid duine a bhfuil caighdeán sách ard san aistriúchán acu a chomhlíonadh. Ó thaobh na straitéise atá leagtha amach ag an Aire Stáit agus obair an fhochoiste, táimid ag díriú ar líon na gcainteoirí Gaeilge a mhéadú agus caighdeán na Gaeilge labhartha a ardú thar fud na tíre.

Glacaim buíochas le tuismitheoirí, le múinteoirí bunscoile agus meánscoile, a dhéanann tréan iarracht an Ghaeilge a chur chun cinn agus leis na daltaí a bhíonn ag freastal ar na Gaelscoileanna agus scoileanna samhraidh agus a labhraíonn an Ghaeilge taobh amuigh de na scoileanna sin mar ghnáth teanga. Cloisim mic léinn mar seo ag labhairt Gaeilge sna hollscoileanna, gan brú ar bith orthu. An meon atá acu ná gur ceart go mbeadh caighdeán ard Gaeilge le cloisteáil ar fud na hollscoileanna agus na hinstitiúdí ar fad. Sin an sórt córas atá i gceist a chur chun cinn. Aontaím go bhuil togha obair déanta ag TG4, Raidió na Gaeltachta agus mar sin de. Sílim go bhfuil níos mó Gaeilge ag muintir na tíre seo anois ná mar a bhí le fada agus ní bhíonn imní orthu an cúpla focal atá acu a labhairt amach go soiléir.

Ag an gcéad cruinniú eile den bhfochoiste, ardóidh mé na hábhair atá luaite ag an Teachta anseo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.