Dáil debates

Tuesday, 17 June 2014

7:00 pm

Photo of Enda KennyEnda Kenny (Mayo, Fine Gael) | Oireachtas source

In response to the Deputy's second question, the health (transport support) Bill is due later in the year and will deal with the matter in respect of disability.

Maidir leis an gcéad cheist a chuir an Teachta orm, bhí sé ar intinn agam é sin a chur os comhair an Rialtais inniu, ach tháinig mé ar ais go déanach oíche aréir – bhí mé san Liobáin leis na saighdiúirí ansin. Tabharfaidh mé isteach é an chéad seachtain eile agus cuirfidh mé eolas chuig an Teachta agus don Fhreasúra faoin rún i dtreo is go mbeidh cead ag muintir Bhaile Uí Mhurchú a bheith anseo i rith na díospóireachta. Tabharfaidh mé eolas don Teachta freisin maidir leis an am a bheidh an díospóireacht sa Dáil. Tá a fhios ag an Teachta go mbeidh mé ag bualadh leis agus leis an leas príomh-aire an tseachtain seo chugainn, sílim, ag 6.30 p.m. Beidh sé curtha os comhair cruinniú an Rialtais an tseachtain seo chugainn agus tabharfaidh mé eolas don Fhreasúra maidir leis an rún agus an t-am a bheidh ann don díospóireacht.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.