Dáil debates

Thursday, 29 May 2014

National Treasury Management Agency (Amendment) Bill 2014: Second Stage (Resumed)

 

3:50 pm

Photo of Fergus O'DowdFergus O'Dowd (Louth, Fine Gael) | Oireachtas source

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le gach duine a labhair ar an mBille seo, go háirithe iad siúd a labhair as Gaeilge. Bhí sé an-mhaith Gaeilge bhinn bhlasta Chiarraí a chloisint ón Teachta Ó hUigínn. Ba mhaith liom freisin comhghairdeachas a ghlacadh leis an Teacht Ruth Coppinger as bheith tofa don Dáil agus as an chéad óráid a thug sí anseo.

Is bunphrionsabal é do a lán daoine go rachadh an t-airgead seo isteach i gruthú post. Sin an bunchloch le cur isteach chun cúrsaí eacnamaíóchta na tíre seo a fheabhsú. Níl aon dul as againn ach é seo a dhéanamh agus airgead a chur isteach aon áit in ar féidir poist a chruthú. An bunphrionsabal atá againn ná go mbeidh poist ar fáil ar fud na tíre. Níl aon treorú sa Bhille gan airgead a chur go haon áit sa tír. Mar sin, má tá tuairim ag duine ar bith in áit ar bith sa tír chun post a chruthú, níl aon chosc ar airgead a chur isteach sa togra sin. Rud tábhachtach é seo. Ní ceart d'aon duine a rá nach rachfaidh an t-airgead isteach go dúiche i gContae Phort Láirge, Contae Chiarraí nó aon chontae eile. Níl aon chosc ar airgead a chur isteach in aon chuid den tír má tá plean cruthaithe ann gur féidir a chinntiú gur commercial operation atá ann.

Labhair an Teachta Ó hUigínn as Gaeilge ar fad, ach tabharfaidh mé freagra as Béarla dó freisin. Admhaím go ndearna sé iarracht an Ghaeilge a chur ar siúl anseo. Maidir le tithíocht, níl aon dabht ach go bhfuil sé an-tábhachtach go mbeidh tithe ar fáil do muintir na hÉireann. Níl aon difear eadrainn maidir leis an gá atá ann leis an fhadhb seo a réiteach agus tithe a chur ar fáil, ach caithfidh airgead a bheith ann leis na tithe sin a thógáil. An bunphrionsabal a bhaineann leis an gciste seo ná go gcaithfidh an togra a bheith ina commercial operation agus go gcaithfidh maoiniú a bheith ar fáil ón private sector chomh maith le maoiniú ón Stát. Má tá sin ann, is féidir linn le chéile dhá oiread an t-airgead a chur isteach. In other words, we can double the money by getting private investment. With our State fund and matching funding, we could double the amount of money available. That is what is rather attractive about getting private investment into everything we do. At the least, it would double the fund. Furthermore, any money that private enterprise matches to State funding is a big boon to the economy, and that is what this fund is for.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.