Dáil debates

Thursday, 29 May 2014

National Treasury Management Agency (Amendment) Bill 2014: Second Stage (Resumed)

 

3:10 pm

Photo of Joe HigginsJoe Higgins (Dublin West, Socialist Party) | Oireachtas source

Níl sé ráite go speisialta ach de réir mar a thuigim ón mBille is ceadmhach don Stát tithe a thógaint mar thogra infheistíochta. Chuir mé ceist ar seo ar an bhfoireann ón Roinn inné agus an cheist atá agam anois ná an bhfuil an Rialtas chun a chur roimhe go speisialta cuid mhór den airgead seo a chur isteach chun an géarchéim seo a réiteach? An bhfuil sé chun iarracht a dhéanamh dul ar ais go dtí an leibhéal a bhí ann sna seachtóidí ar a laghad, agus an líon tithe a tógadh ansan a thógaint anois? Dá mba rud é go dtógfaí fiú 10,000 tithe in aghaidh na bliana, d'fhéadfadh sin laghdú lomdíreach a dhéanamh ar an mbrú uafásach atá ar an gcóras tithíochta sa tír seo. Laghdódh sé an brú atá ar chánacha agus a leithéid chomh maith. Tá daoine amach ansin atá ag fulaingt agus ag fanacht le freagra ón Rialtas. Teastaíonn uaim a chloisint ón Aire Stáit go soiléir - an bhfuil sé seo le déanamh ag an Rialtas?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.