Dáil debates

Thursday, 29 May 2014

National Treasury Management Agency (Amendment) Bill 2014: Second Stage (Resumed)

 

3:00 pm

Photo of Joe HigginsJoe Higgins (Dublin West, Socialist Party) | Oireachtas source

Ar an gcéad dul síos, ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an bhfoireann ón Roinn Airgeadais maidir leis an t-eolas breise a fuaireamar uathu inné ar an mBille seo agus an méid a bhaineann leis.

Tá an-chuid gnéithe difriúla insan Bille seo, ach nílim chun dul isteach iontu ar fad inniu. Ceann de na gnéithe is tábhachtaí atá ann ná cad atá le déanamh leis an gCúlchiste Náisiúnta Pinsean maidir leis an t-airgead atá ann a aistriú go ciste infheistíochta. Ar ndóigh, tá sin thar a bheith riachtanach. Ceann de na cúiseanna ba mhó leis an ngéarchéim dífhostaíochta agus leis na céadta mílte duine óg agus níos sine a bheith ar imirce i láthair na huaire ná an titim tubaisteach a tharla in infheistíocht phríobháideach insan tír seo agus, ag an am céanna, na ciorruithe in infheistíocht phoiblí. Chun na fadhbanna seo a réiteach, tá infheistíocht ag teastáil, go mórmhór in infreastruchtúr poiblí.

Dá bhrí sin, fáiltím i bprionsabal leis an méid go bhfuil airgead Stáit, airgead na ndaoine agus cáiníocóirí, le cur isteach in infheistíocht chun infreastruchtúr a thabhairt chun cinn agus postanna a chruthú. Mar a dúirt mo chomhghleacaí, is scanallach an rud é go bhfuil €7.4 billiún d'airgead de chuid lucht íoctha cánach sa tír seo caillte sna bainc. Cuireadh isteach figiúr millteanach mór, €20.7 billiún, cúig bliana ó shin, ach anois níl ach fágtha ach €13.3 billiún.

Feicim i Cuid 6, alt 42, den Bhille seo go bhfuil sé mar páirt den Bhille gur féidir tuilleadh airgid a chur isteach sna bainc. Faraor, níl leagan Gaeilge den Bhille againn, ach séard atá á rá ann ná gur féidir infheistíocht a dhéanamh chun teacht ó ghéarchéim doimhin in eacnamaíocht an Stáit nó chun cosc a chur le damáiste a d'fhéadfaí a dhéanamh don córas airgeadais ionas nach dtarlódh a leithéid. Is iad siúd na critéir céanna a bhí ar bun nuair a cuireadh €60 billiún d'airgead cáiníocóirí isteach sna bainc le sé bliana anuas. Níl faic sa Bhille seo a deireann conas gur féidir aon airgead nua a chuirfear isteach a shábháilt ó dul an tslí céanna agus a chuaigh an €20 billiún a cuireadh isteach cheana. Arís, d'fhéadfaí an t-airgead sin a chailliúnt.

Maidir le cúrsaí infreastruchtúir agus a leithéid, níl aon tagairt faoi leith sa Bhille don riachtanas is mó sa tír i láthair na huaire - an géarchéim agus an fulaingt uafásach atá i measc na mílte maidir le ganntanas tithíochta agus easpa fothana do dhaoine sa tír seo. I ndáiríre, ba cheart go mbeadh náire ar an Rialtas seo nár thóg na húdaráis áitiúla ach 300 nó 400 teach an bhliain seo caite ag am go bhfuil 90,000 clann ar na liostaí feithimh le haghaidh tithe poiblí. Nuair a fhéachann muid go speisialta ar an méid tithe a tógadh sna seachtóidí, nuair a bhí an tír seo níos boichte ná mar atá i láthair na huaire - an géarchéim seo san áireamh - feiceann muid sa bhliain 1972 gur thóg na húdaráis áitiúla 5,900 teach, tógadh 6,000 teach i 1973, tógadh 6,746 i 1974, agus tógadh 8,794 i 1975. An bhliain seo caite, níor tógadh ach 300 nó 400.

Nach bhfuil sé soiléir cad atá le déanamh anois maidir leis an ngéarchéim seo? Is cóir go ndéanfar togra práinneach tabhairt faoin ngéarchéim tithíochta sa tír seo. Maidir leis an 1,700 de tithe atá in úinéireacht na n-údarás áitiúla agus atá folamh i láthair na huaire, fáiltím roimh an deis atá á thabhairt do dhaoine glacadh leis na tithe sin, ach níl ansan ach sop i mbéal na gaoithe.

Dá bhrí sin, ba cheart go ndéanfadh an Rialtas, mar thogra práinneach, an t-airgead seo a chur isteach in infheistíocht leis an ngéarchéim tithíochta a réiteach agus deireadh a chur leis an fulaingt uafásach atá ar siúl mórthimpeall na tíre - le clanna i mhullach a chéile, i dtithe lena dtuismitheoirí agus lena sean-tuismitheoirí, rud scanallach i ndáiríre. Freisin, tá lánúin pósta scartha óna chéile agus teallaigh ag dul ó óstán go h-óstán. Tá seo náireach. Ansin, nuair a thagann deireadh seachtaine mór ar a dtagann ceoltóir mór nó a leithéid go Páirc an Chrócaigh, cuirtear amach as na h-óstáin iad go dtí áit éigin eile mar go bhfuil úinéirí na n-óstán ag iarraidh níos mó airgid a dhéanamh. Rud náireach é seo.

Iarraim ar an Aire Stáit, nuair a bheidh sé ag tabhairt freagra dúinn -----

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.