Dáil debates
Thursday, 17 April 2014
Other Questions
Stádas na Gaeilge san Eoraip
10:30 am
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source
Cosúil linn féin, tá mion teanga ag na tíortha sin chomh maith. Níl a fhios againn conas mar a sheasann rudaí maidir le sin i láthair na huaire. Is féidir a bheith cinnte, leis an tréimhse chomharliúcháin agus measúnachta atá ag dul ar aghaidh i láthair na huaire, go mbeidh muid ag déanamh scrúdaithe dian ní hamháin ar na tíortha atá luaite ag an Teachta, ach ar thíortha eile chomh maith go bhfuil mion teanga iontu, cosúil leis An Spáinn agus mar sin de. Tá go leor mion teangacha agus beimid ag féachaint ar an dearcadh atá acusan agus ar na himpleachtaí a bheidh ann maidir leis na tíortha sin má dhéanann muid cinneadh deireadh a chur leis.
Mar a dúirt mé, tá an cheist á phlé agus á mheas i láthair na huaire. Tá sé faoi scrúdú agus tá súil agam go mbeimid in ann cinneadh a dhéanamh roimh dheireadh na bliana seo.
No comments