Dáil debates

Thursday, 17 April 2014

Other Questions

Stádas na Gaeilge san Eoraip

10:30 am

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

Mar a dúirt mé, tá an Ghaeilge aitheanta mar theanga oibre san Aontas Eorpach ó mhí Eanáir 2007. Tugadh isteach an maolú ag an uair sin mar nach raibh na daoine leis na cáilíochtaí againn chun na poist sin a ghlacadh. I 2011, cuireadh síneadh cúig bliana le sin. Caithfimid anois cinneadh a dhéanamh roimh dheireadh na bliana seo chugainn, 2015, maidir leis an mbeidh muid ag iarraidh maolú eile nó an gcuirfimid deireadh leis. Tá sin á mheas agus á phlé i láthair na huaire ag an Rialtas agus ag na hinstitiúidí Eorpacha chomh maith.

Ar ndóigh, táimid ag déanamh ullmhúcháin agus tá acmhainní á chur ar fáil le go mbeidh na cáilíochtaí ag daoine. Tá an tionscnamh ardscileanna Gaeilge curtha ar fáil lena dhéanamh cinnte de go bhfuil daoine a bhfuil cumas acu agus go mbeidh siad incháilithe na poist seo a ghlacadh san Eoraip. Chomh maith le sin, tá DCU i mbun téarmaíochta a chur le chéile. Tá corpas mór téarmaíocht déanta amach ag DCU. Tá an obair sin ag dul ar aghaidh. An rud a gcaithfimid a dhéanamh ná a mheas, i gcomhchomhairle leis an Eoraip, cad é an cinneadh ceart. Ba mhaith liom féin go mbeadh an cinneadh déanta níos luaithe seachas níos moille.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.