Dáil debates
Thursday, 17 April 2014
Other Questions
Stádas na Gaeilge san Eoraip
10:30 am
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source
Beidh cinneadh le tógáil faoi dheireadh na bliana 2015 faoi thodhchaí an mhaolaithe atá i bhfeidhm faoi láthair maidir le húsáid na Gaeilge in institiúidí an Aontais Eorpaigh. Tá plé ar bun ag mo Roinn faoi láthair le páirtithe leasmhara éagsúla, institiúidí an Aontais Eorpaigh san áireamh, ar mhaithe le moltaí sonracha a fhorbairt maidir leis an gcur chuige is fearr le deireadh a chur leis an maolú. Beidh an cheist seo le breithniú ag an Rialtas in am trátha. Mar chuid de straitéis an Rialtais chun a chinntiú go mbeidh foireann leordhóthanach cháilithe ann chun freastal ar na riachtanais a eascraíonn as an Ghaeilge a bheith aitheanta mar theanga oifigiúil agus oibre de chuid an Aontais Eorpaigh, cuireann mo Roinn maoiniú substaintiúil ar fáil i gcomhar réimse de shainchúrsaí tríú leibhéal agus chun téarmaíocht Ghaeilge a fhorbairt do bhunachar téarmaíochta an Aontais Eorpaigh dar teideal InterActive Terminology for Europe nó IATE, mar a thugtar go coitianta air.
No comments