Dáil debates
Thursday, 17 April 2014
Ceisteanna - Questions - Priority Questions
Cruthú Fostaíochta
10:00 am
Peadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source
Tá rudaí uafásach deacair ag an bomaite seo sa Ghaeltacht mar gheall ar chúrsaí eacnamaíochta agus fostaíochta. Mar is eol don Aire Stáit, cailleadh 140 post i nGaoth Dobhair i nDún na nGall cúpla seachtain ó shin. Thar timpeall na nGaeltachtaí ar fad, tá géarchéim fostaíochta anois. Ní thugann na meáin mórán airde ar chomhlachtaí Gaeltachta ag an bomaite seo agus táim ag iarraidh go dtabharfaidh an Rialtas níos mó airde do chúrsaí fostaíochta sna Gaeltachtaí.
No comments