Dáil debates
Thursday, 17 April 2014
Ceisteanna - Questions - Priority Questions
Acht na dTeangacha Oifigiúla
9:50 am
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source
Fáiltím roimh an méid a bhí le rá ag an Teachta. Ar ndóigh, ó tharla gur seo an chéad uair gur luadh sa Dáil é, ba mhaith liom féin gach rath a ghuí ar an choimisinéir úr atá i mbun oifige. Tá sé lonnaithe sa Ghaeltacht agus beidh sé neamhspleách. Is féidir liom a rá chomh maith go bhfuil athstruchtúrú á dhéanamh ar Oifig an Choimisinéara agus is cinnte go ndéanfaidh sé sin a chuid oibre níos fusa agus, tá súil agam, níos éifeachtaí. Inniu féin, sílim go bhfuil tuairisc an Choimisinéara Teanga ag teacht amach maidir le 2013. Tá an tuarascáil foilsithe agus is dóigh go gcloisfimid níos mó faoi sin i rith an lae.
Ceann de na dúshláin mhóra atá againn ná seirbhísí trí Ghaeilge a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta agus do dhaoine a éilíonn seirbhísí mar sin. Is dúshlán mór é sin agus chuir na haighneachtaí a tháinig isteach maidir le hathbhreithniú ar an Acht é sin in iúl dúinn. Mar sin, tá roinnt céimeanna á ghlacadh. Ar dtús, tá sé glactha ag an Rialtas agus ag an Roinn Caiteachais Phoiblí anois go mbeidh cuóta nó painéal speisialta ann de dhaoine a bhfuil ardchumas Gaeilge acu aon uair a bheidh earcaíocht á dhéanamh d'oifigigh don Státseirbhís. Chomh maith leis sin, tá scrúdú á dhéanamh sna Ranna go léir le fáil amach cén áit a bhfuil gá le daoine a bhfuil Gaeilge acu. Mar sin, tá céimeanna cinnte á nglacadh i láthair na huaire chun tabhairt faoin fhadhb seo. Aithním go bhfuil fadhb ann, ach táim ag tabhairt faoi í a réiteach.
No comments