Dáil debates
Thursday, 17 April 2014
Ceisteanna - Questions - Priority Questions
Acht na dTeangacha Oifigiúla
9:50 am
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source
I gcomhréir leis an ghealltanas atá tugtha i gclár an Rialtais, tá athbhreithniú déanta ag mo Roinn ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Ba í aidhm an athbhreithnithe a chinntiú go mbainfear an leas is fearr as caiteachas ar an nGaeilge chun an teanga a fhorbairt agus go bhforchuirtear dualgas go cuí de réir éilimh ó shaoránaigh.
Ag eascairt as an athbhreithniú, thóg an Rialtas cinneadh ar 1 Aibreán 2014 Bille a dhréachtú chun leasuithe a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Is í an phríomhaidhm a bheidh ag Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2014 ná an tAcht a leasú chun a chinntiú go leanfaidh sé de bheith ina thacaíocht éifeachtach do gach duine ar mian leis nó léi seirbhísí d’ardchaighdeán i nGaeilge a fháil ón Stát.
I gcomhréir le polasaí an Rialtais, tá ceannteidil an Bhille curtha faoi bhráid an Chomhchoiste um Chomhshaol, Chultúr agus an Ghaeltacht. Chomh maith leis sin, tá na ceannteidil foilsithe ar shuíomh gréasáin mo Roinne, www.ahg.gov.ie,in éineacht leis an tuairisc ar an athbhreithniú agus na haighneachtaí a fuarthas uathu siúd a chuir in iúl go raibh siad sásta go bhfoilseofaí iad. I gcomhthéacs an athbhreithnithe, tá cinneadh tógtha ag an Rialtas gan Oifig an Choimisinéara Teanga a chónascadh le hOifig an Ombudsman.
No comments