Dáil debates

Tuesday, 15 April 2014

Ambulance Service: Motion [Private Members]

 

8:30 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá áthas orm go bhfuil deis agam cúpla focal a rá maidir leis an tseirbhís otharcharranna. Is dócha gurb é an rud is suntasaí ar fad ná cé chomh fada agus a bhíonn ar mhuintir an iarthair fanacht ar otharcharr. Tá sé léirithe nach mbíonn ach 45% de ghlaonna amach i gceantar an iarthair ann laistigh den am atá molta le haghaidh cásanna éigeandála a bhaineann le taomanna croí, srl. Ní bhíonn ach 49% ann laistigh den am i gcásanna an dara grád síos, a bhaineann le cásanna práinneacha eile. Dá mbainfí as leithéidí cathair na Gaillimhe agus baile Chaisleán an Bharraigh, is dócha go mbeadh an figiúr sin i bhfad níos ísle amuigh faoin tuath san iarthar. Glacaim leis go bhfuil áiteanna san iarthar nach dtarlaíonn sé seo ar chor ar bith.

Ba mhaith liom a fháil amach ón Aire, i bhfianaise na díospóireachta a bhí againn cheana féin ar an gceist seo, céard atá i gceist aige a dhéanamh. Cuireadh in iúl don Aire cheana gur tháinig muid aníos le freagra ar an gceist seo, le maoiniú Stáit; sé sin, go mbeadh otharcharranna deonacha ar fáil sna ceantair is faide ó bhaile ionas go mbeadh seirbhís ar fáil iontu. Tá sé ráite linn le gairid go bhfuil fadhbanna traenála ann. Ba mhaith liom freagra sonrach a fháil ar dhá cheist. An mbeadh sé níos fearr otharcharr sciobtha le daoine traenáilte - ach b'fhéidir gan iad a bheith traenáilte ag an ardleibhéal amach is amach - a bheith ar fáil, nó gan otharcharr ar bith a bheith ar fáil laistigh den am atá molta? B'fhéidir go bhfuil an tríú rogha i gceist. Cén fáth nach féidir daoine deonacha a thraenáil suas go dtí an caighdeán a bheadh ag teastáil? Tá na daoine sásta an obair a dhéanamh go deonach, tá na feithiclí ann agus tá an trealamh is nua-aimseartha ar fad curtha ar fáil. Breathnaíonn sé gurb fhearr leis an gcóras drochsheirbhís a chur ar fáil - d'fhéadfadh go mbeadh sé ródhéanach i go leor de na háiteanna seo - seachas suí síos agus féachaint conas is féidir acmhainní an phobail a úsáid.

Ní chreidim go mbaineann sé seo le hairgid amháin. Creidim go mbaineann sé le dearcadh, le heaspa nuálaíochta agus le heaspa tuisceana. Tá sé cineál áiféiseach gur féidir le ceann de na hotharcharranna seo dul go dtí cluiche peile, seó caorach nó imeacht eile mar sin ar eagla go bhfaigheadh duine éigin taom croí. Áirítear go mbeadh sé feiliúnach le feidhmiú i gcás éigeandála den sórt sin, ach ní bhraithim go mbeadh sé feiliúnach an rud ceannann céanna a dhéanamh dá mbeadh éigeandáil ag do theach nó mo theach. Ní thuigim an míniú atá ar an scéal sin. I gcás an t-otharcharr is gaire domsa, ar an bhFairche, bhí an dochtúir sáite isteach san obair pobail a bhí i gceist ansin. Bhí sé bainteach leis an otharcharr. Tá a fhios agam i gcásanna éigeandála go mbíodh sé sásta dul leis an othar isteach go Gaillimh. Tuigeann na pobail tuaithe go gcaithfidh siad cur ar a son féin, agus go minic nach féidir na seirbhísí a thabhairt chomh fada leo i dtráth ceart.

Ba mhaith liom ceist na seirbhísí ar Oileáin Árainn a ardú leis an Aire i gcomhthéacs an costas agus, dar liomsa, an mhístuaim a bhaineann leis an gcóras atá á oibriú ag an HSE i láthair na huaire. Tá caint ann go bhfuil comhghleacaí an Aire, sé sin Aire Stáit na Gaeltachta, ag iarraidh deireadh a chur leis an tseirbhís aeir go dtí Oileáin Árainn. Ba mhór an trua dá dtarlódh sé sin, ós rud é go n-úsáideann na seandaoine ar fad ar na hoileáin, nach mór, an tseirbhís aeir. Bhí socrú ann ar feadh na mblianta fada, dá dtarlódh éigeandáil i rith an lae agus dá mbeadh duine le tabhairt go Gaillimh ar chomhairle an dochtúra, go mbainfear na suíocháin amach as an eitleán - go minic, bheadh an t-eitleán ar Inis Mór nó ar cheann eile de na hoileáin ar aon chaoi - agus go gcuirfear an t-othar isteach. Tógfar é nó í go dtí na Minne agus tagadh an t-otharcharr as Gaillimh chomh fada leis na Minne. Bhí ar an HSE beagáinín airgid a híoc le hAer Arann, ach i gcomhthéacs an airgid a bheadh i gceist, bhí an socrú sin saor.

Mar mhalairt ar sin, níl an HSE sásta aon airgead a híoc le hAer Arann. Cuireann siad glaoch ar an ingearán as an tSionainn nó an t-ingearán as Áth Luain le teacht isteach agus an t-othar a thógáil ón oileán. Mar is eol don Aire, tá costais ingearáin in aghaidh na huaire i bhfad níos mó ná costais eitleáin atá ar an láthair ar aon chaoi. Ní bheadh i gceist ach cúpla céad euro leis an eitleán a fháil le haghaidh turas mar sin. Is eol don Aire go bhfuil costas mór ag baint leis na hingearáin troma sin a thabhairt chomh fada leis na hoileáin. Mar nach bhfuil ar an HSE íoc go díreach as an ingearán, is cosúil go gceapann siad go bhfuil sé níos saoire ar an Stát ingearán a thabhairt isteach seachas eitleán Aer Arann a úsáid. Ar ndóigh, dá mbeadh an t-ingearán ag tabhairt othar nach raibh chomh tinn sin go Gaillimh nuair a tharla éigeandáil amuigh san fharraige, ní bheadh an t-ingearán ar fáil leis an obair a dhéanamh.

Mar sin, is cosúil go bhfuil córas ar bun atá mí-éifeachtach, atá ag cosaint airgid agus atá ag cur as do sheirbhísí. Dé réir mar a thuigim, ag éirí as seo uilig, bhí ar an dream atá ag plé le cúrsaí sláinte agus leighis ar na hoileáin níos mó úsáide a bhaint as an mbád tarrthála le cúpla bliain anuas ná mar a baineadh as le fada an lá. Glacaimid uilig atá ag plé leis na hoileáin leis gurb é an t-ingearán an t-aon réiteach san oíche, mar nach bhfuil aon bhealach ag na heitleáin dul ann i rith na hoíche. Nuair atá siad ag dul isteach is amach as na Minne i rith an lae - go minic, bíonn siad ar na hoileáin ar aon chaoi - níl dua ar bith úsáid a bhaint astu. Mar sin, is sampla é seo de bhealach eile ina bhfuil airgead á chur amú ag an Stát. Níl taobh amháin den Stát ag cur ceiste ar an taobh eile den Stát faoi céard atá ag tarlú.

Go ginearálta i dtaobh na bhfigiúirí, deirtear go bhfuil staitisticí agus bréaga ann agus gur féidir staitisticí a iomrascáil le freagra ar bith a fháil. Ar ndóigh, tá sé an-éasca a rá go náisiúnta go dtagann na seirbhísí seo ar an láthair laistigh den oiread seo achar ama, nó laistigh den tréimhse atá leagtha síos. Cén fhad a chaithfidh na hotharcharranna dul i mBaile Átha Cliath? Cén t-aistear bóthair atá i gceist? Ar ndóigh, tá an chuid is mó den daonra suite thart ar mhórcheantar Bhaile Átha Cliath. Ní thugann sé sin léargas cruinn ceart ar na fadhbanna atá roimh na pobail tuaithe i dtaobh na seirbhísí seo. Sílim go mbeadh sé thar a bheith spéisiúil dá mbeadh an tAire agus an Roinn in ann mapa a réiteach agus a fhoilsiú a leagann amach cé mhéad de ghlaonna a bhíonn ar an láthair taobh istigh den sprioc ama, ach é a bheith réitithe ar bhonn tíreolaíochta seachas ar bhonn daonra. Dá ndéanfar é sin, bheadh sé soiléir go bhfuil spotaí dubha móra millteacha in áiteanna sa tír nach bhfuil éinne ag caint fúthu. Tá an Rialtas in ann na figiúirí a fháil ceart trí staitisticí na tuaithe a mheascadh le staitisticí na cathrach.

Mar sin, tá jab mór le déanamh ag an Aire. Tá cothromas le fáil. Tá pobal na tuaithe sásta a gcuid féin a dhéanamh leis an bhfadhb a réiteach. Is cosúil go bhfuil dearcadh righin diúltach don nuálaíocht agus d'aon cur chuige a réiteodh fadhbanna ag an HSE. Is léir nach bhfuil an tAire ag rá leo go gcaithfidh siad breathnú ar chóras nua-aimseartha agus plé a dhéanamh leis na pobail. Teastaíonn seirbhís agus cothromas ó phobal na tuaithe mar aon le pobal na cathrach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.