Dáil debates

Thursday, 10 April 2014

Other Questions

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

10:25 am

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Mar is eol don Aire, ní féidir seirbhísí trí Ghaeilge a chur ar fáil mura mbeidh daoine ann a bhfuil eolas acu ar an teanga. Tá mo cheist ag iarraidh a fháil amach céard iad na pleananna atá ag an Aire le déanamh cinnte go mbeidh daoine le Gaeilge ann. Freisin, cén staidéar atá déanta ar an gcur chuige i ndlínsí eile ina bhfuil dhá theanga oifigiúla le déanamh cinnte go mbeidh daoine in ann seirbhís a chur ar fáil sa dá theanga oifigiúla sna tíortha sin?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.