Dáil debates

Thursday, 13 March 2014

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge: Statements (Resumed)

 

1:30 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil do na Teachtaí. Seo Seachtain na Gaeilge. Rinne duine an phointe nár chóir a bheith ag caint ar chúrsaí Ghaeilge lá amháin sa bhliain, gur chóir go mbeadh sé mar ghnáthpháirt de obair na Dála. Ní easaontaím leis sin. Mar a dúirt an tAire Bruton i rith ceisteanna na gceannairí, tá an bheirt againn sa Dáil le tamall fada, breis is 30 bliain, agus tá i bhfad níos mó Gaeilge á labhairt i láthair na huaire ná mar a bhí le blianta fada. Is iontach an rud é go n-úsáideann an Taoiseach, an Tánaiste, ceannaire Fhianna Fáil, ceannaire Shinn Féin agus Teachtaí eile a gcuid Gaeilge rialta go leor sa Teach. Tá sé sin tábhachtach mar tugann sé dea-shampla agus ceannaireacht don phobal. Go minic sílim go bhfuilimid anseo inár n-aonar agus nach bhfuil éinne ag éisteacht. Tá daoine ar fud an domhain agus ar fud na tíre ag éisteacht linn, fiú ag an nóiméad agus úsáid á bhaint acu as an teicneolaíocht úr.

Rinneadh tagairt don Ghaeilge sna seirbhísí poiblí. Admhaím nach bhfuil gach rud mar ba mhaith linn a bheith. Tá go leor talamh le déanamh suas ach ar a laghad tá aitheantas ann anois go bhfuil easnamh ann agus go gcaithfimid rud a dhéanamh. Nuair a bheidh earcaíocht ar siúl beimid ag díriú isteach ar aitheantas, mar chéad chéim, a thabhairt don riachtanas an Ghaeilge a bheith sna seirbhísí poiblí.

Nuair a bhí cúrsaí eacnamaíochta faoi lán seol sa tír, agus airgead le caitheamh gan stró, agus nuair a bhí na mílte á thabhairt isteach chuig an tseirbhís poiblí, níor chuimhnigh aon duine gur mhaith an rud go mbeadh céatadán áirithe le Gaeilge a bheith acu. Rinne an Teachta Kyne an pointe sin. Ach anois táimid ag díriú isteach ar leibhéal na hearcaíochta. Chomh maith leis sin tá anailís á dhéanamh i ngach rann, gach comhlacht agus gach rann Stáit cén áit a bhfuil gá le daoine a bhfuil Gaeilge acu le freastal ar an bpobal a éilíonn é. Is é sin céim ar aghaidh.

Tá an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge á phlé i láthair na huaire. Tá trí bhliain imithe. Tá go leor rudaí ag tarlú gach lá. Tá go leor ag tarlú sna Gaeltachtaí. Tá 26 ceantar aitheanta, 26 de limistéir pleananna teanga, agus tá trí cinn acu sin á n-eagrú agus mé ag labhairt anseo. Beidh tuile á dhéanamh roimh dheireadh na bliana. Ar a laghad is iarracht é sin an taoide atá ag trá le fada i leith na teanga agus na ceantair Ghaeltachta, a chasadh. Tá dúshlán mór ann. Tá mé cinnte go bhfuil taithí ag Teachtaí ar Ghaeltachtaí – rugadh cuid acu sa Ghaeltacht agus tá Gaeltacht mar chuid de na Dáilcheantair. Tá Gaeltacht deas bríomhar i gContae na Mí. Gaeltacht ar leith atá ann mar tugadh daoine ó na Gaeltachtaí eile chuig an áit sin. Tá na daoine ag coinneáil an teanga bheo ansin.

Tá sé aitheanta sa suirbhé teangeolaíochta go bhfuil an brú ann sna Gaeltachtaí agus sin an fáth a bhfuilimid ag cur tús anois do na limistéir phleanála teanga agus leanfaimid ar aghaidh leo.

Ar ndóigh tá ceantair go leor taobh amuigh den Ghaeltacht agus níor chóir dúinn dearmad a dhéanamh go bhfuil 40,000 duine óg ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge. Beidh na páistí sin ag fás suas agus an Ghaeilge acu.

Tá go leor ag tarlú ach tá go leor rudaí a bhfuil dúshlánach chomh maith. Cuireann sé aoibhneas orm éist leis na daoine a labhair anseo inniu agus meas acu ar an teanga. Ní raibh aon chaitheamh anuas ar an teanga, mar a tharla roimhe seo sa Dáil na blianta ó shin. Tá dea-thoil agus tacaíocht don teanga le feiceáil. Caithfimid an tacaíocht sin a chur ag obair ar mhaithe leis an teanga. Tá sé dúshlánach ach is deas an rud é a bheith ábalta oibriú le chéile. Is minic a bhí mé ag caint ar chúrsaí Ghaeilge agus maidir leis an nGaeilge, mar a tharla maidir le Tuaisceart Éireann, cuirimid front aontaithe. Aon uair a bhí caismirt faoin Ghaeilge, níl a fhios agam an í an teanga is fearr a thagann amach as.

Gabhaim buíochas arís as a méid a dúradh agus an tacaíocht a léirigh daoine don teanga. Táimid go léir anseo chun ár ndícheall a dhéanamh cibé seal ama atá againn anseo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.