Dáil debates

Thursday, 13 March 2014

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge: Statements (Resumed)

 

1:20 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Is maith an rud é go bhfuil a leithéid de dhul chun cinn déanta. Ceapaim gur cheart don Rialtas i bhfad níos mó bolscaireachta a dhéanamh sa chomhthéacs seo chun dul i dteagmháil le gach éinne atá ag iompar clainne, ní hamháin sa Ghaeltacht ach sa Ghalltacht freisin. Ba cheart go mbeadh fógraíocht i ngach ospidéal chun tuismitheoirí nua a chur ar an eolas i dtaobh na tacaíochta atá ar fáil. Muna bhfuil an teanga ag dul ó ghlúin go glúin, brisfidh an nasc agus tiocfaidh an Ghaeilge chun deiridh.

Tá praiseach uafásach déanta ag an Rialtas i dtaobh an Státchórais. Cuireadh deireadh leis an mbónas de 6% dóibh siúd a bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu. Dar leis an iar-Choimisinéir Teanga, tógfaidh sé beagnach 28 bliain chun an méid Státseirbhísigh le Gaeilge a luaitear sa sprioc nua atá leagtha amach ag an Aire Stáit a bhaint amach agus an sprioc sin a chomhlíonadh dá réir. Nuair a chuirim glaoch ar eagraíocht Stáit ar nós Revenue, agus é ar intinn agam an líne Ghaeilge a phiocadh, de ghnáth bíonn rogha na Gaeilge ag an deireadh. Bíonn orm fanacht go dtí an deireadh chun an líne Ghaeilge a fháil agus fiú amháin ansin ní bhfaighim an answering machine de ghnáth. Go minic, ní bhíonn an t-eolas atá á lorg agam ag an duine a chuireann glaoch ar ais chugam agus ní bhíonn sé nó sí in ann cabhrú liom. Ós rud é go bhfuil sé ródheacair gnó bunúsach a dhéanamh leis an Státchóras trí mheán na Gaeilge, roghnaíonn Gaeilgeoirí an rogha Béarla go hiondúil.

Nuair a dhéanaim iarracht ticéad a cheannach ar an Luas, tá gach rud i mBéarla. Is féidir an Ghaeilge agus cúpla teanga eile a úsáid má tá an rogha sin sofheicthe i gcúinne an scáileáin. Ba cheart go mbeadh an rogha idir an Ghaeilge agus an Béarla a phiocadh amach ar an gcéad scáileáin. Nuair a bhí an córas nua ag teacht i bhfeidhm in earnáil na dtacsaithe, bhí ar Chonradh na Gaeilge iarradh ar an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt comharthaí Gaeilge a chur ar fáil. Ba cheart go mbeadh an Rialtas tar éis a chinntiú go raibh comhartha Gaeilge i ngach tacsaí. Tarlaíonn an rud céanna nuair a thagann gach scéim nua Rialtais amach. Tharla sé i gcásanna ar nós Irish Water, JobBridge agus Gateway. Ní chaitheann baill an Rialtais an caipín Gaeilge nuair a bhíonn siad ag smaoineamh ar na hábhair seo. Mar a dúirt an iar-Coimisinéir Teanga agus é ag éirí as a phost, is rud imeallach í an Ghaeilge don Rialtas.

Bhí sé náireach nach raibh éinne ón Rialtas i láthair nuair a tháinig an iar-Choimisinéir Teanga isteach chuig an bhFochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge chun a chuid saineolais, taithí agus cleachtadh a roinnt leis an bhfochoiste. Ní raibh siad fiú sásta éisteacht leis an saineolas sin. Dúirt sé go raibh daoine sa Státchóras ag iarraidh an Ghaeilge a imeallú. Bhí sé an-suimiúil gur thagair sé den mhéid a bhí le rá ag iar-státseirbhíseach sinsearach, Seán Mag Leannáin, ar an ábhar seo. Dar leis an tUasal Mag Leannáin, tá "growing evidence that there is a strategy afoot to do away with what's left of Irish in the public life of the country". Lean sé ar aghaidh:

The civil service establishment ... are almost 100 per cent united in their view of Irish as an irritating thorn in the administration .... far better to ignore it as if it didn’t exist and to starve the Official Languages Act of the resources to implement it. Let the whole thing wither on the vine.
Is í sin an tuairim atá ag duine a bhí an-sinsearach sa Státchóras. Tá an-taithí aige i dtaobh an tslí ina n-oibríonn an Státchóras. Caithfidh mé a rá go bhfuil straitéis frith-Ghaelach, seachas an straitéis 20 bliain, i gceist ag an Rialtas. Tagann cúpla Teachta Dála ó Fhine Gael go dtí cruinnithe na gcoistí a bhaineann leis an nGaeilge uaireanta. Ní bhíonn le rá acu ach "cén fáth go gcaithfimid é seo a dhéanamh?". Is féidir liom shampla a thabhairt. Nuair a chuir an HSE comhartha suas i bhfoirgneamh sa Ghaeltacht i mBéarla amháin, dúramar gur cheart go mbeadh sé dátheangach agus gur chóir go mbeadh aon chomhartha sa Ghaeltacht i dteanga na ndaoine lena mbaineann an tseirbhís. Dúirt Teachta Dála ó Fhine Gael a bhí ag an gcruinniú gur praiseach a bhí ann - gur cheart go bhfaighfidís an tseirbhís amháin agus is cuma faoin teanga.

Ba mhaith liom pointe an-tapa a dhéanamh mar gheall ar chúrsaí oideachais. Tá sé soiléir go bhfuil an córas nua pátrúnachta atá curtha i bhfeidhm ag an Rialtas agus an Roinn Oideachais agus Scileanna ag cur bac ar ghaelscoileanna nua. Tá sé uafásach deacair. Tuigim go bhfuil 300 páiste i gceantar amháin i mBaile Átha Cliath, as 600 páiste go hiomlán sa cheantar, ar an liosta feithimh cé go bhfuil dhá ghaelscoil sa cheantar. Ní féidir le muintir na háite gaelscoil nua a chruthú. Níl aon tacaíocht ar fáil le haghaidh sruthanna Gaeilge a bhunú i scoileanna lán-Bhéarla. Tá teorainn curtha ar an ngaelscoil san Uaimh, mar shampla, fiú go bhfuil éileamh iontach sa bhaile. Bhí cúpla scoil lán-Bhéarla sa cheantar ag smaoineamh ar sruthanna lán-Ghaeilge a bhunú chun freastal ar na leanaí ón ngaelscoil. Nuair a chuaigh siad go dtí an Roinn, fuair siad amach nach bhfuil aon tacaíocht ar fáil dóibh chun cabhrú leo é sin a dhéanamh. Is léir go gcuirtear bac ar lucht Gaeilge na tíre seo gach uair a dhéanann siad iarracht céim chun tosaigh a thógáil faoi údarás an Rialtais seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.