Dáil debates

Thursday, 13 March 2014

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge: Statements (Resumed)

 

1:10 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Cúpla bliain ó shin tháinig na páirtithe agus na heagraíochtaí agus an grúpa go léir le chéile chun Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a chur i bhfeidhm. Is rud iontach é mar is annamh go mbíonn comhdhearcadh ag an méid sin daoine sa tír. Bhí tacaíocht ó gach cearn den Teach agus beagnach gach cearn den tír agus den domhan Gaelach. Bhí fuinneamh agus dóchas ann. Bhí daoine ag iarraidh go mbeadh dul chun cinn déanta mar gheall ar an nGaeilge a shábháil ar dtús agus é a chur chun cinn timpeall na tíre. An fáth a raibh an straitéis ann ná go raibh an-chuid taighde déanta ag na saineolaithe. Bhí faitíos orthu go raibh deireadh chun teacht ar an nGaeilge mar theanga phobal sna Gaeltachtaí.

Stop an comhdhearcadh agus an comhoibriú nuair a tháinig an Rialtas i gcumhacht. Roimh an toghchán deireanach, bhí Fine Gael á rá go raibh siad ag smaoineamh ar stop a chur leis an nGaeilge mar ábhar éigeantach don ardteistiméireacht.

Is dóigh liom gur chruthaigh sé sin an t-atmaisféar don Rialtas a bhí le teacht. Ceapaim go bhfuil an Rialtas seo idir Fhine Gael agus Pháirtí an Lucht Oibre mar cheann de na Rialtais is mó in aghaidh na Gaeilge i stair an Stáit. Is léir os na rudaí atá déanta ag an Rialtas seo go bhfuil Rialtas frith-Ghaeilge againn sa tír seo.

Ba mhaith liom labhairt faoi chúpla cinneadh atá tógtha ag an Rialtas ón am ar ghlac an tAire Stáit an ról seo. Chuir siad deireadh le hionadaíocht dhaonlathach in Údarás na Gaeltachta. Níl dlúthcheangal idir mhuintir na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta ann a thuilleadh. D'ísligh an Rialtas an méid airgid a bhí ag dul isteach sna heagraíochtaí Gaeilge, sa Ghealtacht féin agus sna meáin Gaeilge. Cuireadh deireadh leis an nuachtán Gaelscéal. Tá sé mar sprioc sa straitéis 20 bliain go mbeadh "rochtain éasca" ag muintir na Gaeltachta agus na Gaeilge "ar ábhair chlóite i nGaeilge".

Chuir an Rialtas deireadh le scéim labhairt na Gaeilge, a chuir airgead ar fáil do theaghlaigh lonnaithe sa Ghaeltacht chun cabhrú leo a bpáistí a thógáil le Gaeilge. Bhí sé go hiontach gur thug scéim labhairt na Gaeilge figiúirí dúinn gach bliain i dtaobh an méid páistí a bhí á dtógáil le Gaeilge ag teaghlaigh ar fud na tíre. Tá an t-eolas pleanála a bhí ag teacht amach gach bliain imithe anois, áfach. Sheol mé isteach iarratas chun an pacáiste teaghlaigh a chruthaigh an Rialtas in áit scéim labhairt na Gaeilge a fháil. Bhí náire orm nuair a tháinig cúpla dlúthdhiosca agus cúpla leabhar ar ais sa phost. Nuair a chuir mé ceist ar an Aire Stáit faoin ábhar seo ag an am, más buan mo chuimhne dúirt sé go raibh thart ar 200 pacáiste tar éis dul amach go dtí teaghlaigh éagsúla. B'fhéidir go bhfuil ardú tagtha ar an bhfigiúr sin ó shin i leith.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.