Dáil debates

Thursday, 13 March 2014

12:40 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Ba mhaith liom cur leis an díomá atá léirithe nach bhfuil Aire le Gaeilge anseo inniu. Is ceist don duine í Gaeilge a bheith aige nó aici, nó gan Gaeilge a bheith aige nó aici. Ar ndóigh, feidhmíonn an Rialtas mar aonad. An chéad uair eile a bheidh lá na Gaeilge i gceist, molaim nach mbeidh sé buailte le Lá Fhéile Pádraig nuair a bheidh na hAirí le Gaeilge imithe amach as an tír. Is dócha go dtugann sé drochshampla ceart don phobal faoi Sheachtain na Gaeilge nuair nach féidir rudaí beaga bunúsacha a dhéanamh chun cloí le spiorad an lae. Sílim go raibh sé mífhéaráilte an tAire, an Teachta Bruton, a chur sa spota ina bhfuil sé inniu. Nuair a bheidh lá na Gaeilge sa Dáil á n-eagrú againn feasta, ba cheart dúinn a chinntiú go dtarlaíonn sé níos túisce sa tseachtain, ionas go mbeidh na hAirí atá in ann freagraí a thabhairt dúinn i nGaeilge ar fáil ar a laghad ar lá amháin sa bhliain. Aontaím leis an Aire go bhfaighim freagra i nGaeilge líofa aon uair a chuirim ceist ar an Taoiseach nó an Tánaiste i nGaeilge. Bail ó Dhia orthu.

Ba mhaith liom dhá cheist shonracha a chur. Baineann an chéad cheist leis an mBille atá geallta i dtaobh cosaint na dtomhaltóirí agus iomaíocht, a thagann faoin Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta. Bhí sé ar an liosta A ag dul siar chomh fada le fómhar na bliana 2012. An féidir leis an Aire a rá linn cén uair a fhoilseofar an reachtaíocht sin? Mar is eol don Aire, tá sé thar a bheith práinneach de bharr rudaí atá ag tarlú ó thaobh cúrsaí mairteola sa tír, mar shampla. Is cuimhin linn cad a tharla roimh an Nollaig maidir le fataí agus glasraí. Tá ceist eile agam. Tá áthas orm go bhfuil Aire Stáit na Gaeltachta ina shuí le hais an Aire. An féidir leis a rá linn cén uair a fhoilseofar go hoifigiúil cinn an Bhille leasmhair ar Acht na dTeangacha Oifigiúla? Tá siad ar fáil go neamhoifigiúil ag an saol Fódhla, ach b'fhéidir go bhfuil an tAire in ann a rá linn cén uair a gheobhaidh muid iad go hoifigiúil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.