Dáil debates

Thursday, 13 March 2014

12:30 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Guím rath orthu siúd ar fad a bhfuil gafa leis an bhféile náisiúnta anseo agus thar lear, go háirithe na deoraithe nua atá tar éis an tír a fhágáil le cúpla bliain anuas.

Níl mé ag iarraidh caitheamh ar an Aire Bruton, ach i rith Seachtain na Gaeilge is trua nach raibh Aire sinsearach ar fáil chun ceisteanna ó chinnirí nó an tOrd Gnó a ghlacadh trí Ghaeilge. Is tubaisteach é sin. Tugann sé an comhartha mícheart don domhan. Is masla dúinn é atá ag déanamh iarracht ar a laghad lá amháin in aghaidh na bliana a bheadh an Ghaeilge chun cinn sa Dáil.

Dúirt an tAire liom sa Dáil i mí Iúil 2011 go ndéanfaidh sé iarracht an meabhrán mínithe do gach Bille a chur ar fáil go dátheangach. Níl ceann ar bith foilsithe as Gaeilge nó dátheangach ó shin i leith. Cathain a bheidh athrú ar an scéal sin?

Tá mé ag lorg eolas maidir le trí Bhille. An chéad cheann ná an Bille um coiriúil caimiléireachta, uimh. 52 ar an liosta. Tá an Bille sin chun Achtanna frithchaimiléireachta 1889 – 2010 a chomhnascadh. Beidh sé sin tábhachtach maidir leis an gceist is deireanaí a bhíomar ag plé.

An dara bhille ná an Bille maidir leis na hinstitiúidí cultúrtha náisiúnta, uimh. 68 ar an liosta. An bhfuil na cinn billí foilsithe nó an bhfuil aon athrú tuairim maidir le cinneadh seafóideach an Rialtais atá taobh thiar den Bhille?

Maidir le huimh. 66, an bhfuil aon tuairim ag an Aire cathain a bheidh an Bille aitheantas inscne os ár gcomhair? Chríochnaigh an choiste á phlé na cinn billí agus cuireadh ar aghaidh an tuairisc chuig an Aire roimh Nollaig.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.