Dáil debates

Thursday, 13 March 2014

12:20 pm

Photo of Séamus HealySéamus Healy (Tipperary South, Workers and Unemployed Action Group) | Oireachtas source

Tá 30,000 clann ar a laghad i mbaol a bheith díbeartha as a teach cónaithe. Tá sé soiléir go bhfuil feall mór á imirt ag an Rialtas ar mhuintir na tíre agus go bhfuil an Rialtas chun dul ar aghaidh leis sin gan stad gan staonadh. Thug an tAire Shatter tuarascáil an ghrúpa saineolaithe os comhair an Cabinet ag moladh gur chóir an próiseas athsheilbhithe a dhéanamh níos éifeachtaí, in other words to make it easier to repossess family homes, trí chead a thabhairt chun execution orders a eisiúint ag an am céanna le hordaithe athsheilbithe. Tá sé seo an-tábhachtach, mar laghdaíonn sé an próiseas do sé mhí eile. This reduces the repossession process by over six months and helps the banks. An ghlacfaidh an Rialtas leis an moladh sin? An bhfuil an moladh sin i bhfeidhm?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.