Dáil debates

Thursday, 13 March 2014

12:20 pm

Photo of Séamus HealySéamus Healy (Tipperary South, Workers and Unemployed Action Group) | Oireachtas source

Tá a fhios againn go léir go bhfuil 121,000 morgáiste in iarmharach. Tá 60,000 dóibh sin in iarmharach ar feadh bliain agus tá 33,500 in iarmharach ar feadh níos mó ná dhá bhliain. Tá 30,000 clann ar a laghad i mbaol a bheith curtha amach ach as a tithe cónaithe. Tá imní orm gur tugadh 1,500 cás nua chun tithe teaghlaigh a athsheilbhiú san ceathrú dheireanach de 2013 de réir ráiteas ó FLAC, an t-ionad chúnamh dlíthiúil. Dar le The Irish Times, 14 Eanáir 2014, “banks are sitting on 1,500 repossessed properties.”

An tsamhraidh seo caite, bhí sé ráite ag na saineolaithe go dtagann borradh ar athshlánú gach uile lá. Roimh na Nollag, d’iarr mé ar an Aire Quinn an nglacann sé leis go bhfuil fadhb dháiríre ag baint leis na mílte teaghlach atá ag maireachtáil ar ioncam an-íseal, faoi leibhéal na costais maireachtála agus nach féidir leo leas a bhaint as an bpróiseas insolvency, agus atá i mbaol an teach teaghlaigh a chailliúint. Tá dhá rud déanta ag an Rialtas ba chúis leis an ardú seo. I mí Iúil chuaigh an leasú ar reachtaíocht i bhfeidhm chun é a dhéanamh níos éasca do na bainc teach a athsheilbhiú. Roimhe sin, i mí Mheithimh, thug an Rialtas cead don Bhanc Ceannais na treoirlínte a athrú chun teach a athsheilbhiú tar éis dhá mhí seachas dhá mhí dhéag.

An dtabharfaidh an Rialtas isteach reachtaíocht a chiallaíonn go gcaithfidh na mbainc bunairgid na morgáistí a laghdú go dtí luach reatha an tí do gach éinne? Will the Government bring in legislation to ensure that mortgages will be reduced to the current market value of homes? An gcuirfidh an Rialtas cíos in ionad morgáiste ar fáil mar cheart dlíthiúil? Will the Government make available the mortgage to rent scheme as a matter of law do gach a bhfuil ag maireachtáil faoi bhun na costais maireachtála agus nach bhfuil in ann leas a bhaint as an insolvency process?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.