Dáil debates

Thursday, 13 March 2014

12:10 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Ní thuigim cén fáth nach féidir leis an Aire glacadh leis gur chóir don Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais, nó fiú Coimisinéir an Gharda Síochána leithscéal a ghabháil don bheirt sin a bhí cróga. Ní leor glacadh leis go raibh an ceart acu an cheist a ardú. Cad é tuairim an Aire faoin ráiteas a dhein Coimisinéir an Gharda Síochána aréir? An leor é? Níl mórán daoine fágtha, seachas an tAire Shatter agus an Coimisinéir, a chreideann go raibh gníomhartha an Sergeant Maurice McCabe agus an t-iar Gharda John Wilson gránna. An ndéanfaidh an tAire Bruton iallach a chur ar an gCoiminiséir, Martin Callinan, leithscéal a ghabháil don bheirt, don Dáil agus don phobal i gcoitinne, ní hamháin as an masla a thug siad don bheirt ach as an gceannasaíocht ar an gcóras pointí pionóis ó bunaíodh é, agus an chaimiléireacht agus an droch-chleachtas atá léirithe sa tuairisc is déanaí? Muna bhfuil an Coimisinéir sásta leithscéal a ghabháil agus a phort a athrú, an bhfuil an tAire sásta impí air éirí as a phost?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.