Dáil debates

Thursday, 13 March 2014

12:10 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

An aontaíonn an tAire nach mbeadh an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais, nó fiú Coimisinéir an Gharda Síochána, sa tsáinn ina bhfuil siad inniu más rud é gur dhein siad ghníomhartha tar éis tuairisc an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste a fhoilsiú i mí Mheán Fhómhair seo caite? Tá a fhios againn go raibh duine as cúigear ag éalú as pointí pionóis agus nach raibh toghairm seirbheáilte ar daoine. I roinnt ceantair, bhí ráta cealú breis is 50% ann i gcomparáid le ceantair eile. An aontaíonn an tAire nach raibh aon mhilleán ar Sergeant Maurice McCabe agus an t-iar Gharda John Wilson i gcomhthéacs an tuairisc sin ó Mheán Fhómhair 2012, go raibh an ceart acu an cheist seo a ardú ón tús, agus ba chóir go mbeadh leithscéal gafa ag an Aire ag an am agus ag an gCoimisinéir don bheirt? Níor tharla sin, agus cuireadh leis an ionsaí ar charachtair an bheirt ó shin – an tAire agus an Coimisinéir a dhein an t-ionsaí.

Tá cuntas cáinteach eile os ár gcomhair ó Chigireacht an Gharda Síochána. Ní bheadh na sonraí sa tuairisc sin againn gan an bheirt agus an seasamh cróga a ghlac siad.

An bhfuil sé chomh deacair sin don Aire Shatter seasamh suas agus a rá go bhfuil brón air agus glacadh leis go raibh sé mícheart nuair a dhein sé ionsaí ar an mbeirt seo, agus go raibh an ceart ag an mbeirt? Más rud é nach bhfuil sé fearúil go leor é sin a rá, an bhfuil sé in am don Aire éirí as a phost?

Ar iarraidh an tAire Bruton ar an Aire Shatter leithscéal a ghabháil don bheirt sin, a bhí cróga, don Oireachtas agus do gach duine eile atá thíos le seo le breis is bliain ón uair a chuireadh an chéad mórthuairisc os ár gcomhair a léirigh an chaimiléireacht agus an droch-chleachtadh maidir leis na pointí pionóis?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.