Dáil debates

Thursday, 13 March 2014

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge: Statements

 

11:50 am

Photo of Joe O'ReillyJoe O'Reilly (Cavan-Monaghan, Fine Gael) | Oireachtas source

Ar dtús báire, ba mhaith liom a rá go bhfuil teanga álainn againn sa tír seo. Tá oidhreacht agus cultúr faoi leith againn agus ba chóir dúinn iad a cheiliúradh agus a choimeád. Tá dualgas ar gach uile dhuine, go háirithe daoine sa Teach seo, an-iarracht a dhéanamh an Ghaeilge a choimeád beo agus an teanga a úsáid. Mar sin, déanfaidh mise iarracht an chuid is mó de mo ráiteas a thabhairt as Gaeilge, cé nach bhfuil mé chomh líofa agus ba chóir go mbeinn, ach tá sé iontach tábhachtach go ndéanfadh gach uile dhuine sa Teach iarracht a dhéanamh an Ghaeilge a labhairt anseo.

An chéad aidhm atá ag an straitéis 20 bliain ná an líon daoine a úsáideann an Ghaeilge gach lá a mhéadú. Faoi láthair, tá 83,000 duine a labhraíonn Gaeilge go rialta gach lá. Táimid ag iarraidh é sin a mhéadú go 250,000 agus go mbeadh eolas ar an teanga ag thart faoi 2 milliún duine. An dara haidhm atá ag an straitéis ná tacaíocht a thabhairt don Ghaeltacht. An tríú haidhm ná go mbeadh seans ag daoine a ngnó a dhéanamh go hoifigiúil trí Ghaeilge, le Ranna Stáit agus a leithéid. An cheathrú haidhm ná go mbeadh Gaeilge le feiceáil i bhfógraí agus a leithéid thar timpeall na tíre.

Foilsíodh an straitéis tar éis taighde cuimsitheach agus tugadh tacaíocht ó gach páirtí sa Teach di. Tá an straitéis dhúshlánach ach ag an am seo tá níos mó measa ar an teanga ná mar a bhí. Thart ar 30 bliain ó shin, bhí cineál náire ar dhaoine a n-oidhreacht a cheiliúradh nó Gaeilge a labhairt. Cheapamar nach raibh sé nua-aoiseach go leor. Ach tá athrú ar seo anois agus tá daoine sásta Gaeilge a labhairt. Táimid níos bródúla anois as ár dteanga agus ár gcultúr. Tá sin cabhrach agus tabharfaidh sé deis níos fearr don Rialtas an jab seo maidir leis an straitéis a dhéanamh.

Sa daonáireamh, dúirt beagnach 2 milliún duine go bhfuil Gaeilge acu. Mar sin, tá daoine ag maímh anois go bhfuil siad ábalta Gaeilge a labhairt. Is cabhair mhór í seo. Tá an Rialtas lán dáiríre faoin straitéis agus faoi í a chur i bhfeidhm agus tá €500,000 curtha ar fáil sa bhuiséad an bhliain seo don straitéis. Cuireann Acht na Gaeltachta 2012 an próiseas pleanála teanga ar bun. Anois, tá béim agus meas ar na bailte Gaelacha taobh amuigh den Ghaeltacht. Sa chomhthéacs seo, tréaslaím le Foras na Gaeilge maidir leis an obair fhiúntach atá ar siúl aige. Tréaslaím freisin leis an bpríomhfheidhmeannach ansin, Éamonn Ó hArgáin agus a fhoireann.

Tá an Roinn ag iarraidh chabhrach a thabhairt do theallaigh lán-Ghaelach. Beidh Ranna Stáit ag scrúdú na riachtanas atá ann maidir le poist sa Stát Sheirbhís agus tá sé i gceist, sa chéad chomórtas eile d'oifigigh fheidhmeannach, 6% de na folúntais a chur ar fáil do dhaoine atá ábalta gnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Cuirfidh sé sin feabhas ar an scéal. Chomh maith le seo, tá athbhreithniú ar siúl ar Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Cé go bhfuil géarchéim airgeadais sa tír, táimid ag déanamh infheistíochta sa teanga, go háirithe sa Ghaeltacht, ach freisin i ngnéithe oidhreachta agus cultúrtha an teanga. Táimid ag tabhairt tacaíochta do TG4, do Raidió na Gaeltachta agus d'Údarás na Gaeltachta mar ba chóir go ndéanfaimis, in ainneoin go bhfuil géarchéim airgid sa tír. Táimid ag cabhrú go praiticiúil le sár obair Chomhaltas Ceoltóirí Éireann agus molaim go láidir an obair a dhéanann an comhaltas agus an t-ard stiúrthóir ansin, an Seanadóir Labhrás Ó Murchú, ar son na hoidhreachta, na teanga agus an cheoil.

Caitheann 24,000 mic léinn tréimhse sa Ghaeltacht gach bliain. Tréaslaím leis an Aire Stáit as go raibh sé in ann deontas na mná tí a choimeád. Cé go bhfuil géarchéim ann, choimeád an tAire Stáit an deontas ag an leibhéal céanna agus a bhí sé agus is cabhair mhór í sin. Táim lán sásta go bhfuil sé ag cosaint an mhéid airgid a fhaigheann na mná tí.

Tá na scoileanna lán-Ghaelach tábhachtach agus tá an Rialtas ag cabhrú leo. Beidh ceithre scoil lán-Ghaelach i measc na 20 bunscoil a chruthófar i mbliana. Freisin, beidh trí scoil lán-Ghaelach i measc na 17 meánscoil a thógfar i mbliana.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.