Dáil debates

Thursday, 13 March 2014

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge: Statements

 

11:30 am

Photo of Joe HigginsJoe Higgins (Dublin West, Socialist Party) | Oireachtas source

Nuair a chailltear class áirithe d’ainmhí, d’éan nó de phlanda, mar shampla trí thruailliú na timpeallachta nó gearradh siar an bhforaoiseacha san Amasóin, is cúis díomá é agus is cúis mhór bhróin atá ann. Tá sé tragóideach. Tugann sé milliún bliain de aon species nó aon rud beo chun teacht chun cinn trí éabhlóid. Tríd an chóras caipitleachas, cuirtear deireadh le species áirithe d’ainmhithe nó de phlandaí nó d’éanlaithe atá caillte go síoraí don phláinéad agus don phobal. Is é an scéal céanna maidir le teanga. Tugann sé na mílte bliain chun teanga a fhorbairt agus a dul chun cinn. Tá saol agus stair an phobal fite fuaite i dteanga. Ar fud an domhain tá mionteangacha, mar a ghlaoitear orthu, ag fáil bháis.

Is cailliúint thragóideach é sin ní hamháin do na pobail gur leo na teangacha éagsúla, ach freisin don phobal domhanda i gcoitinne. Níl aon difríocht i gcás an méid atá ar siúl anois ó thaobh na Gaeilge de. Bhí foláireamh láidir sa scrúdú teangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge, a fhoilsíodh sa bhliain 2007, maidir le cad a bheidh i gceist muna n-athraítear cúrsaí. Is scread dainséar maidir le todhchaí na Gaeilge atá sa scrúdú sin. Is fiú cuimhneamh go ndeireann an scrúdú gan athrú ar phatrún úsáide na teanga, ní bheidh an Ghaeilge mar phríomhtheanga phobail fiú amháin i gceartlár na nGaeltachtaí. Bheadh sé sin tubaisteach don teanga mar chuid thábhachtach de phobal na tíre seo san am atá le teacht. Más rud é nach mbeidh an Ghaeilge mar phríomhtheanga na Gaeltachtaí, ní bheidh ann ach tús deiridh na teanga.

I mo thuairim, ní bheidh an Ghaeilge riamh mar phríomhtheanga na tíre seo. Tháinig sé sin ón stair agus tagann sé anois, níos láidre fós, ó phróisis gheilleagair agus eacnamaíochta, srl. An mbeidh an Ghaeilge mar theanga thábhachtach i saol na sochaí seo san am atá le teacht? An mbeidh sí le cloisteáil sna Gaeltachtaí? An mbeidh an dátheangachas tábhachtach ar fud na tíre sa todhchaí? An mbeidh daoine a úsáideann an Béarla don chuid is mó ina ngnáthshaolta ach a bhfuil an Ghaeilge ar eolas acu agus atá in ann an Ghaeilge a labhairt go laethúil, go seachtainiúil nó go minic ar aon nós? Is í sin an cheist. Tá dianbhrú ar an nGaeilge mar theanga i láthair na huaire. Dá bhrí sin, caithfimid smaoineamh inniu ar cad ba cheart do Rialtas na tíre a dhéanamh chun a chinntiú gur féidir leis an teanga fanacht beo. Ba cheart go mbeadh sé mar sprioc againn ní hamháin go mbeidh an Ghaeilge fós beo i gceann 100 bliain, ach freisin go mbeidh sí fós mar chuid thábhachtach de shaol an phobail sa tír seo

Nuair atá plé á dhéanamh againn ar an straitéis 20 bliain, ba cheart tosnú le scrúdú a dhéanamh ar na mothúcháin atá ag muintir na Gaeltachta agus lucht labhartha na Gaeltachta ar fud na tíre agus iad ag iarraidh a saoil laethúla a mhaireachtaint, go mórmhór sa Ghaeltacht, le Gaeilge mar ghnáth-theanga. Ar an Domhnach, 23 Feabhra, seo caite, shiúil grúpa as Gaeltacht Chonamara ón Spidéal go dtí ceanncheathrú Roinn na Gaeltachta sa cheantar chun litir sínithe ag Donncha Ó hÉallaithe thar ceann an phobail a chur isteach chuig Aire na Gaeltachta. Tá éilimh thábhachtacha déanta sa litir sin, ina measc "go gcuirfí polasaí soiléir i bhfeidhm tríd an státchóras a chínnteoidh, go mbeifear in ann seirbhísí trí mheán na Gaeilge a sholáthar do phobal labhartha na Gaeilge sa nGaeltacht 'gan cheist gan choinníoll', taobh istigh de dhá bhliain". An bhfuil an Rialtas chun é sin a chur i gcrích? Is náireach an rud é nach mbíonn éinne sa Státseirbhís - i Ranna Rialtais áirithe - ar fáil chun labhairt le daoine ón nGaeltacht nó aon áit eile sa tír go dteastaíonn uathu a gcuid gnó a dhéanamh inár dteanga náisiúnta. Caithfear an ceart bunúsach seo a comhlíonadh. Tá súil agam go dtabharfaidh an Rialtas aird mhór ar na éilimh thábhachtacha eile atá leagtha amach sa litir a luaigh mé agus go ndéanfaidh siad gníomh dá réir.

Ba mhaith liom focal nó dhó a rá mar gheall ar pholasaithe eacnamaíochta an Rialtais, go mórmhór an déine agus na ciorruithe, sula gcríochnóidh mé. Tá na polasaithe seo ag déanamh scrios ar phobal na Gaeltachta. Is tubaist é go bhfuil daoine óga ag imeacht - tá siad caite amach as an tír - ós rud é nach bhfuil postanna nó faic acu. Caithfear an polasaí sin a athrú go mear. Tá cúis dóchais againn. Tá leanaí ar fud na tíre ag foghlaim na Gaeilge sna gaelscoileanna, srl. Tá orainn brú a chur ar an Rialtas ní hamháin na cearta teanga atá luaite agam a chomhlíonadh, ach freisin polasaithe eacnamaíochta a athrú agus deireadh a chur leis an déine. Ba cheart go mbeadh daoine óga in ann fanacht sa bhaile sna Gaeltachtaí. Muna bhfuil pobal againn, ní bheidh teanga againn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.