Dáil debates

Thursday, 13 March 2014

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge: Statements

 

11:20 am

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Táim ag caint faoin nGaelscoil, ach ba scoil Bhéarla í an dara scoil a bhí ann. Tá scoileanna gafa le seo agus is féidir le scoil ar bith páirt a ghlacadh ann agus tarlaíonn sin timpeall na tíre. I mBaile Fhormaid, ghlac Scoil Naomh Dominic, scoil nach bhfuil an Ghaeilge mar chéad teanga ag na páistí, páirt ann. Tá beocht i measc na múinteoirí Gaeilge ann agus mhol siad do na páistí páirt a ghlacadh sa rith sin. Mar sin, i rith an lae chuaigh siad amach agus rith siad ciliméadar nó dhá chiliméadar den turas mór fada atá ag Rith 2014. Tarlaíonn an rith seo gach dara bhliain agus seo an tríú huair atá sé ar siúl. Is cuid de Sheachtain na Gaeilge é an rith agus cuidíonn sé le múscailt a thabhairt don Ghaeilge agus í a dhéanamh feiceálach. Is maith seo, seachas díriú ar Lá le Pádraig nó ócáid amháin.

Tá fadhbanna againn agus tá constaicí romhainn. San Oireachtas, ceann de na constaicí atá ardaithe agamsa, ó toghadh mé i 2002, ná nach gcuirtear reachtaíocht as Gaeilge os mo chomhair riamh. Sa 12 bhliain atáim anseo, ní raibh ach píosa reachtaíochta amháin nó dhó i nGaeilge - reachtaíocht maidir le hÚdarás na Gaeltachta agus Acht na Gaeilge. Seachas sin, is i mBéarla amháin a gcuirtear reachtaíocht faoinár mbráid, in ainneoin go ndúirt an tAire Coimirce Sóisialaí linn, breis agus dhá bhliain ó shin go mbeadh na meamraim mhíniúcháin curtha ar fáil dúinn as Gaeilge le cuidiú linn, agus go mbeadh an fhoclaíocht agus an téarmaíocht atá ag gabháil le reachtaíocht ar fáil as Gaeilge. Níor tharla sé sin ó shin. Chabhródh rud simplí mar théarmaíocht pholaitiúil liomsa go háirithe, ach chabhródh sé freisin le gach Teachta eile atá ag iarraidh na Gaeilge a úsáid. Chabhródh sé liom freisin dá mbeadh meamram as Gaeilge ag tabhairt míniúcháin ar an mBille. Ar a laghad, teastaíonn sin. Ní thabharfadh sin mo chearta iomlán dom mo ghnó a dhéanamh ina iomláine sa Dáil trí Ghaeilge, mar ní bheadh an reachtaíocht ann, ach ar a laghad, ba chéim chun tosaigh a bheadh ann. Ach níor tharla sé fós.

Tá a lán fadhbanna eile ann chomh maith. Nuair a bhí an Coimisinéir Teanga os comhair ceann de choistí an Oireachtais, bhí mise sa chathaoir agus bhí náire orm nuair a theip ar an gcóras aistriúcháin. Ba mhasla é sin don choimisinéir. Ní raibh leath den choiste in ann déileáil leis an ábhar. Ní raibh siad in ann suí isteach mar níl an Ghaeilge chomh maith acu agus atá agamsa. Aithním gur fadhb theicniúil a bhí ansin agus dúradh sin ar an lá. Ach is ait an rud é nár chuireadar córas aistriúcháin isteach ar dtús sna seomraí coiste nuair a tógadh an foirgneamh sin ar dtús. Is léiriú é seo ar an easpa smaoinimh a dhéantar i leith na Gaeilge. Is afterthought atá ann i gcónaí. I ndiaidh na bearta a thógáil, smaoinítear ar an nGaeilge agus go gcaithfidh siad rud éigin a dhéanamh fúithi.

Ní cóir go mbeadh orm ceist a chur ar an Whip gach uile bhliain agus a rá gur fiú rud a dhéanamh i rith seachtain na Gaeilge. Ba chóir go mbeadh an Whip ag cur ceist orainn cad ba chóir a dhéanamh san Oireachtas i gcóir seachtain na Gaeilge.

Tá fadhbanna ann. Glacaim leis go gcreideann an Rialtas go bhfuil sé tábhacht pobal labhartha na Gaeilge agus na Gaeltachtaí a chothú. Creidim go bhfuil an tAire sásta cur chuige éigean a dhéanamh. Ach, sa deireadh thiar thall, níl slánú na Gaeilge mar theanga labhartha an Stáit mar thosaíocht ag an Rialtas seo agus ní raibh ag aon Rialtas roimhe seo. Tá sé ráite gur tosaíocht é, ach níl sé soiléir gur sin an scéal ó bunaíodh an Stát, seachas nuair a bhí Aire Gaeilge ann.

Le 30 bliain anuas, ní raibh Aire ann mar just Aire Gaeilge nó mar Aire Ghaeltachta leis na hacmhainní chun a chinntiú go dtiocfadh borradh ar an nGaeilge agus ar na Gaeltachtaí. Ba chóir dúinn bogadh sa treo sin. Beidh reshuffle i lár an tsamhraidh, agus b’fhéidir gur tugadh cead a cinn don Aire Stáit nó duine eile le Gaeilge. Bhí sé maslach go raibh Airí ann roimhe gan Gaeilge, agus níl Gaeilge ag an Aire Deenihan. Níl an locht air, ach ní ceart go mbeadh duine i bpost le cinnireacht maidir leis an nGaeilge agus na Gaeltachtaí gan an teanga a bheith aige nó aici, nó ar a laghad iad i mbun iarracht an Ghaeilge a fhoghlaim nó snas a chur ar an chuid atá acu. Fiú i mo chás féin, is féidir snas níos fearr a bheith ar mo chuid Gaeilge. Níl mo chuid gramadach den scoth, ach déanaim iarracht tabhairt faoi anois is arís.

Le déanaí d’fhógair Foras na Gaeilge go raibh ré nua ann maidir leis an nGaeilge agus chur siad maoiniú ar fáil do sé n-eagras. Bhí 25 ann roimhe seo. Feicimid an ré nua atá ann. Muna bhfuil breis acmhainní ann ag an Státchóras agus ag na heagrais, beidh dúshlán mór rompu agus beidh dainséar ann i gcónaí. Bíonn dainséar ann i gcónaí nuair a bhíonn eagrais spleách ar an Státchóras agus iad ag braith go huile is go hiomlán ó thaobh maoiniú agus acmhainní ar an Stát. Ba cheart go mbeadh a fhios ag na heagrais atá mar cheannródaithe maidir leis an teanga go bhfuil an dainséar sin ann.

Tá an straitéis leagtha amach. An fhadhb is mó atá agam ná nach bhfuil aon tionchar mór feicthe agam ná acu siúd atá ag treabhadh leo i ngort na Gaeilge go bhfuil aon borradh ann. Tá an straitéis bunaithe ar daonáireamh 2002 agus tuairisc ó 2007. Dúradh nach raibh ach 15 - 20 bliain fágtha don teanga mar phríomhtheanga na Gaeltachtaí muna ndéantar gníomh áirithe. Táimid leathbhealach tríd an ré áirithe agus ní fheicim an borradh. Tá sé léirithe ag roinnt saineolaithe, Seosamh Mac Donnchadha ina measc, nach ionann cáipéis agus straitéis. Dúirt sé go bhfuil an straitéis ina cháipéis atá marbh. Tugann an mhéid a dúirt an Dr. John Walsh dúshlán don Aire a léiriú nach bhfuil an ceart aige. Níl an gníomh feicthe againn. Níl fuadar faoin Stát ná an Státchóras, an áit a bhfuil rudaí níos measa ná in aon earnáil eile.

Tá an tAire tar éis a rá go bhfuil sé chun cur chuige a dhéanamh maidir leis an Státchóras. Tá mé ag impí ar an Aire maidir leis an Státchóras. Gan daoine le Gaeilge a earcú, ní fiú tráithnín an beagán bídeach atá ag tarlúint. Ba chóir díriú ar earcaíocht agus béim a chur ar an nGaeilge líofa, mar a ndéanadh sa PSNI nuair a bhí siad ag iarraidh céatadán na caitliceach sa PSNI a mhéadú. Is céim bheag shimplí é, ach déanfadh sé difear an-mhór. Tá sé mar cheart ag daoine déileáil leis an Státchóras trí mheán na Gaeilge. Ní cóir go mbeadh deacrachtaí maidir leis seo ag Gaeilgeoir. Is dúshlán é sin dúinn go léir.

Tacaím leo siúd a bhfuil dearg le fearg maidir leis an straitéis agus an chéad choimisinéir teanga. Tá dúshlán mór roimh an gcoimisinéir nua agus tá súil agam go n-éireoidh leis sa phost agus nach dtarlaíodh leis mar ar tharla leis an gcéad coimisinéir.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.