Dáil debates

Thursday, 13 March 2014

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge: Statements

 

11:20 am

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Ar dtús báire, ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil as an deis labhairt ar an gceist thábhachtach seo. Gach uile bhliain, impím ar an Rialtas imeachtaí a eagrú mar chuid de Sheachtain na Gaeilge nó mar chuid de choicís na Gaeilge mar atá ann anois. Arís i mbliana, dhein mé an t-éileamh céanna agus dúradh liom gur inniu an lá dó sin. Is ceart agus cóir go mbeadh an lá seo againn.

Ach, ní chóir go mbeadh orainn a bheith ag brath ar lá amháin sa bhliain le plé agus caint a bheith againn ar ní hamháin straitéis na Gaeilge ach ar gach uile ghné den saol trí Ghaeilge. Sin an moladh a dhein mise. Ní faoin Aire Stáit a dhein mé an moladh seo ar dtús. Táim ag déanamh an mholta seo le breis agus deich mbliana anseo sa Teach, moladh go ndéanfaimis iarracht a léiriú don domhan gur féidir linn ár ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge ar ghach uile réimse den saol. Ba mhaith liom go mbeadh gach uile choiste ar an lá sin ag déileáil le gnéithe den Ghaeilge dó den Ghaeltacht.

Ní gá go mbeadh an díospóireacht go huile agus go hiomlán trí Ghaeilge, ach an fáth go dteastaíonn lá mar seo uainn ná, in ainneoin go bhfuil breis agus 1.7 milliún duine a úsáideann an Ghaeilge go laethúil, an chuid is mó acu sa chóras oideachais, tá tuairim ann go n-úsáideann daoine Gaeilge ar scoil, ach nach féidir gnó a dhéanamh trí Ghaeilge leis an Stát agus nach bhfuil ról nua-aimseartha ag an Ghaeilge. Measaim gur féidir liomsa agus le daoine eile sa Teach seo i bhfad Éirinn níos mó a dhéanamh chun a léiriú don domhan gur féidir linn ár ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge.

Go minic, cuirtear constaicí romhainn agus iarracht á dhéanamh againn an Ghaeilge a labhairt agus a chur chun cinn. Don phobal i gcoitinne, ceann de na constaicí is mó atá rompu ná nach féidir leo a ngnó leis an státchóras a dhéanamh go héasca, agus tiocfaidh mé ar ais chuige sin ar ball. Seachas sin, go minic ní féidir leo a ngnó lena chairde a dhéanamh go héasca toisc go bhfuil leibhéil dhifriúla Gaeilge ann, ach ní cóir go gcuirfeadh sin as dóibh. Ba chóir go mbeidis bródúil go bhfuil siad in ann Gaeilge a úsáid agus go mbeadh meas ag a gcairde orthu go bhfuil siad in ann Gaeilge a úsáid ina measc. Sin an fáth gur bunaíodh Seachtain na Gaeilge - chun spreagadh a thabhairt don phobal an méid Gaeilge, beag nó mór, atá acu a úsáid le linn na seachtaine sin.

Diaidh ar ndiaidh, tá ag éirí le Seachtain na Gaeilge. Cloisimis sin ar an raidió agus buíochas dóibh siúd atá taobh thiar de Sheachtain na Gaeilge. Is iad siúd atá gníomhach agus fuinniúil maidir leis an teanga sa tréimhse sin. Bhí m'iníon agus a scoil, Gaelscoil Inse Chór, agus an Model School in Inchicore, gafa le Rith 2014 ar an Luan agus rith siad ciliméadar amháin. Seo éacht eile atá déanta faoi scáth Chonradh na Gaeilge agus eagrais eile. Téann daoine timpeall na tíre ag rith, ó Bhaile Átha Cliath agus áiteanna eile. Críochnóidh an rith i mBéal Feirste ag an deireadh seachtaine. Is féidir urraíocht a dhéanamh ar gach ciliméadar.

Ardaíonn Rith 2014 airgead chun costais na scéime a íoc, ach an príomh bua atá aige ná go gcothaíonn sí an Ghaeilge agus úsáid na Gaeilge timpeall na tíre i ngach baile. Tá níos mó daoine anois ag díriú isteach ar seo agus feictear dóibh gur féidir ócáidí a chothú timpeall orthu. Bhí breis agus 200 dalta bunscoile ag rith síos Bóthar Cunningham i lár na cathrach - an áit a raibh mise ag tacú le m'iníon - agus ag rith in áiteanna eile timpeall na tíre. Bhí spiorad iontach ann agus spórt mór ag na gasúir.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.