Dáil debates

Thursday, 13 March 2014

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge: Statements

 

10:50 am

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

Mar Aire Stáit na Gaeltachta, fáiltím roimh an deis seo labhairt leis an Dáil faoi chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge. San aitheasc seo, tá sé i gceist agam léargas a thabhairt ar an obair atá ar bun ag an Rialtas chun leas na Gaeilge a chur chun cinn tríd an Straitéis a chur i bhfeidhm.

Agus an díospóireacht seo ar siúl mar chuid de Sheachtain na Gaeilge, ní miste dom a rá gur dóigh liom go bhfuil an Ghaeilge ar cheann de na hacmhainní is nádúrtha agus is luachmhaire atá againn. Creideann an Rialtas go bhfuil tábhacht ag baint le pobal labhartha láidir Gaeilge agus Gaeltachta a chothú chun saibhreas oidhreachta na teanga a choinneáil beo agus a thabhairt slán don chéad ghlúin eile. Cé go bhfuil an Rialtas tiomanta gach a dhéanamh laistigh dá chumhacht chun an Ghaeilge a chur chun cinn, tá todhchaí na teanga ag brath go príomha ar an phobal. Tá a fhios againn go bhfuil dearcadh dearfach ag tromlach an phobail i leith na teanga. Tá orainn timpeallacht a chothú ina mbraitheann daoine muiníneach a gcuid Gaeilge a úsáid, cuma cén leibhéal cumais atá acu inti. Tá sé riachtanach go leanfar ag baint leas as an teanga mar theanga pobail agus teaghlaigh sa Ghaeltacht agus go gcuirfear an teanga chun cinn ar bhonn níos forleithne taobh amuigh den Ghaeltacht. Ar ndóigh, tá an Taoiseach agus an Tánaiste, gan trácht ar cheannairí na bpáirtithe polaitiúla eile, ag tabhairt dea-shampla dúinn uile ó thaobh úsáid na Gaeilge sna Tithe seo. Is cinnte gur féidir linn uile féachaint ar an dóigh gur féidir linn féin níos mó úsáide a bhaint as ár gcuid Gaeilge le linn ár gcuid oibre laethúil sa Dáil agus sa Seanad.

Mar a luaigh mé sa Seanad inné, ní miste a mheabhrú dúinn féin go bhfuil iomaí dul chun cinn déanta le roinnt blianta anuas ó thaobh na teanga de, lena n-áirítear bunú RTÉ Raidió na Gaeltachta, bunú TG4, achtú Acht na dTeangacha Oifigiúla agus Acht na Gaeltachta, bunú Oifig an Choimisinéara Teanga, Fhoras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta, an t-aitheantas don Ghaeilge faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta i dTuaisceart Éireann agus an t-aitheantas don Ghaeilge mar theanga oifigiúil agus mar theanga oibre san Aontas Eorpach.

Ba mhaith liom anois díriú ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Foilsíodh an straitéis i mí na Nollag 2010 tar éis tacaíocht traspháirtí a fháil i dTithe an Oireachtais agus próiseas comhairliúcháin agus taighde. Cuireann an straitéis cur chuige iomlánaíoch, comhtháite i ndáil leis an Ghaeilge chun cinn, cur chuige a luíonn le dea-chleachtas idirnáisiúnta. Is straitéis uaillmhianach agus dúshlánach í a chuimsíonn 9 réimse gnímh ar leith.

Faoi na príomhspriocanna sa straitéis, atá le baint amach thar thréimhse scór bliain, tá sé i gceist go mbeidh eolas ag 2 mhilliún duine ar an Ghaeilge agus go mbeidh ardú ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge go dtí 250,000 duine. Má smaoinítear ar thorthaí Dhaonáireamh 2011 ina raibh 1.77 milliún duine in aois a 3 bliana nó níos sine in ann Gaeilge a labhairt, i gcomórtas le 1.66 milliún in 2006, is léir go bhfuiltear ag déanamh dul chun cinn maidir leis na spriocanna dúshlánacha atá leagtha síos sa straitéis a bhaint amach.

Ba mhaith liomsa tiomantas agus dáiríreacht an Rialtais i leith chur i bhfeidhm na straitéise a threisiú anseo inniu. Tá sé ráite i gClár an Rialtais go dtacóidh an Rialtas leis an straitéis agus go ndéanfar na spriocanna indéanta atá molta inti a sheachadadh. Mar is eol don Teach, is ar mo Roinnse atá an fhreagracht uileghabhálach an straitéis a chomhordú agus a chur i bhfeidhm i gcomhar le réimse mór páirtithe leasmhara. Aithnítear sa straitéis féin go bhfuil gá le cur chuige céimneach chun bearta éagsúla na straitéise a chur i gcrích. I gcomhréir leis an gcur chuige seo, tá dul chun cinn á dhéanamh maidir le raon leathan gníomhaíochtaí faoin straitéis a chur i bhfeidhm de réir a chéile ar bhealach córasach laistigh de na hacmhainní atá ar fáil.

Tá an dul chun cinn foriomlán atá déanta maidir le feidhmiú na straitéise le linn na tréimhse ó 2010 go 2013 le feiceáil go soiléir sa tuarascáil a d'fhoilsigh mé i mí Iúil 2013. Ina theannta sin, d'fhoilsigh na Ranna Rialtais ábhartha, aon cheann déag acu san iomlán, a gcuid pleananna forfheidhmithe faoin straitéis ag an am céanna. Dá bhrí sin, is léir domsa go bhfuil cur chuige soiléir ann maidir le cur i bhfeidhm na straitéise agus go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh go staidéarach agus go stuama laistigh de na hacmhainní atá ar fáil.

Aithníonn muid ar ndóigh go bhfuil go leor le déanamh faoin straitéis, ach is trua liomsa, a Cheann Comhairle, go ndéantar beag is fiú den obair fhiúntach agus dháiríre atá ar siúl ar fud an Státchórais in go leor den tráchtaireacht atá déanta faoi chur i bhfeidhm na straitéise le tamall anuas. Leagtar síos faoin straitéis an chreatlach pholasaí do na páirtithe leasmhara éagsúla, idir an Stát agus an phobal, chun obair as lámha a chéile ar bhonn comhpháirtíochta chun aidhmeanna fiúntacha a bhaint amach ar bhonn céimnitheach. Sa chomhthéacs seo, tá súil agamsa gur féidir le baill Thithe an Oireachtais treisiú a dhéanamh ar an gcomhoibriú ar bhonn traspháirtí chun treoir agus dea-shampla a thabhairt maidir leis an cheist thábhachtach seo.

Ar ndóigh, ní miste na srianta ar acmhainní a bhaineann le feidhmiú na Straitéise a thógáil san áireamh. Is fíor gan amhras go bhfuil laghdú suntasach tagtha ar an méid atáthar ag caitheamh ar an Ghaeilge, ach an oiread le haon réimse eile caiteachais, ón uair gur foilsíodh an straitéis in 2010. D’ainneoin go raibh tionchar aige seo ar fheidhmiú na straitéise, is díol suntais é mar sin féin an méid atá bainte amach chun bearta áirithe den straitéis a chur i bhfeidhm. In ainneoin an bhrú atá ar an Státchiste le linn ré seo na déine, is cúis sásaimh dom é an t-allúntas ar leith de €0.5 milliún a cuireadh ar fáil do mo Roinn i gCáinaisnéis 2014 le caitheamh ar an straitéis. Is léiriú follasach é an t-allúntas seo ar thiomantas an Rialtais i leith na Gaeilge. Cuirfidh an maoiniú seo ar chumas mo Roinne tabhairt faoi ghníomhaíochtaí éagsúla, lena n-áirítear gníomhaíochtaí a thacóidh leis an phróiseas pleanála teanga ar an talamh. Áirítear anseo tacaíocht d'eagraíochtaí pobail chun cabhrú leo tabhairt faoi phleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú faoi Acht na Gaeltachta 2012.

Cuireann Acht na Gaeltachta 2012 an chreatlach reachtúil ar fáil chun tabhairt faoin phróiseas pleanála teanga ar bhonn comhordaithe. Táthar ag súil go mbeidh an pobal, an earnáil dheonach, an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach ag obair as lámha a chéile chun tacú leis an Ghaeilge sna ceantair éagsúla a bheidh aitheanta faoin Acht. Is trí phleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú ag leibhéal an phobail a thabharfar tacaíocht don Ghaeilge mar theanga pobail agus teaghlaigh i gceantair Ghaeltachta agus i gceantair eile taobh amuigh den Ghaeltacht.

Is i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta agus le Foras na Gaeilge atá an próiseas pleanála teanga á chur i bhfeidhm ag mo Roinn. Táthar ag tabhairt tús áite sa chur i bhfeidhm don 26 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta atá aitheanta chun críche an Achta. Foilsíodh na chéad fhógraí faoin Acht i mí na Nollag 2013 i gcás Chiarraí Thiar; Chois Fharraige; agus Ghaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir. Táim ag súil go mbeidh 10 bhfógra eile foilsithe i mbliana agus go ndéanfar na fógraí maidir leis an 10 gcinn deireanach ina dhiaidh sin. Ar ndóigh, tá Údarás na Gaeltachta freagrach faoin Acht as tacaíocht a thabhairt d’eagraíochtaí maidir le hullmhú agus feidhmiú pleananna teanga sna Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta.

Maidir leis na Bailte Seirbhíse Gaeltachta, tá sé i gceist ag mo Roinn próiseas comhairliúcháin a reáchtáil i mbliana maidir le roghnú na mbailte is oiriúnaí le bheith aitheanta faoin Acht mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta. I gcás na Líonraí Gaeilge, tuigtear dom go bhfuil sé i gceist ag Foras na Gaeilge scéim na líonraí Gaeilge a fhógairt ag tús na bliana seo chugainn.

Déanann mo Roinn raon leathan scéimeanna, tionscnaimh agus bearta a reáchtáil ar bhonn leanúnach atá dírithe ar chúnamh reatha agus caipitil a chur ar fáil do thograí teangalárnaithe taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht. Is faoi scáth Chlár Tacaíochta Teaghlaigh mo Roinne, a sheol mé i mí Aibreáin 2012, a mbíonn cuid mhaith de na scéimeanna seo á n-eagrú agus iad dírithe go sonrach ar theaghlaigh, ach go háirithe teaghlaigh Ghaeltachta atá ag tógáil a bpáistí le Gaeilge nó ar mhaith leo a bpáistí a thógáil le Gaeilge.

I measc na mbeartas faoi leith atá ar siúl ag mo Roinn faoin Chlár Tacaíochta Teaghlaigh tá pacáiste tacaíochta teanga seolta chuig breis agus 2,000 teaghlach chun cabhair phraiticiúil a chur ar fáil dóibh ina gcuid iarrachtaí a bpáistí a thógáil le Gaeilge; tá breis airgid curtha ar fáil chun forbairtí a dhéanamh ar Scéim na gCúntóirí Teanga i mbunscoileanna Gaeltachta; tá leasuithe déanta ar Scéim na gCampaí Samhraidh le cur lena héifeachtacht sa Ghaeltacht; agus tá bearta faoi leith atá dírithe go sonrach ar aos óg na Gaeltachta maoinithe ag mo Roinnse.

Ós rud é gurb iad na blianta tosaigh i saol an pháiste na blianta is tábhachtaí ó thaobh sealbhaithe agus saibhrithe teanga de, is fiú go mór treisiú a dhéanamh ar an obair fhónta atá ar bun sa réimse seo sa Ghaeltacht le go mbeidh cúnamh breise ar fáil do theaghlaigh Ghaeltachta atá ag tógáil a bpáistí le Gaeilge. Tar éis do mo Roinn breathnú ar an mbealach is tairbhí agus is éifeachtaí chun freastal níos fearr a dhéanamh ar na teaghlaigh seo, bheartaigh mé gur chóir scéim nua a thionscnamh faoin Chlár Tacaíochta Teaghlaigh chun tacú le cur i bhfeidhm na straitéise agus leis an phróiseas pleanála teanga.

B’údar áthais dom dá réir scéim nua dar teideal an Scéim Seirbhísí Réamhscoile agus Iarscoile a fhógairt agus mé ag labhairt sa Seanad inné. Is í aidhm na scéime úire seo tacú le teaghlaigh Ghaeltachta chun a bpáistí a thógáil le Gaeilge. Is ón allúntas ar leith atá ag mo Roinn don straitéis a thiocfaidh maoiniú don scéim atá measta ag €120,000 i mbliana. Faoin scéim, cuirfear cúnamh reatha, gur fiú suas le €15,000 in aghaidh na bliana, ar fáil d’ionaid tacaíochta teaghlaigh agus d’ionaid chúraim leanaí atá lonnaithe sa Ghaeltacht chun cabhrú leo gníomhaíochtaí breise faoi leith a reáchtáil a mbeidh mar aidhm acu tacú le deiseanna breise sealbhaithe agus saibhrithe teanga a chur ar fáil do theaghlaigh Ghaeltachta.

Cabhróidh an Scéim Seirbhísí Réamhscoile agus Iarscoile go mór le dul i ngleic leis an dúshlán a bhaineann lena chinntiú go dtéann an Ghaeilge ar aghaidh go bisiúil mar theanga bheo ó ghlúin go glúin sa Ghaeltacht. Luíonn an scéim go nádúrtha leis an obair fhónta atá ar bun i réimse na réamhscolaíochta ag leithéidí Chomhar Naíonraí na Gaeltachta. Ba mhaith liom go deimhin an deis seo a thapú chun an obair faoi leith sin atá ar bun ag Comhar Naíonraí na Gaeltachta a aithint go poiblí.

Ba mhaith liom cúpla focal a rá anois maidir leis na héilimh atá tagtha chun cinn ar na mallaibh maidir le cearta lucht labhartha na Gaeilge. Ba mhaith liom a athdhearbhú anseo inniu go bhfuil mé breá sásta plé a dhéanamh ar na héilimh éagsúla sa tréimhse atá amach romhainn. Mar chéad chéim sa phróiseas plé seo, d’fhógair mé le déanaí go bhfuil coiste comhairleach á bhunú ag mo Roinn, i gcomhar le hÚdáras na Gaeltachta agus le Foras na Gaeilge, ar a mbeidh ionadaíocht ag eagraíochtaí ábhartha Gaeilge agus Gaeltachta. Is í an phríomhaidhm atá leis an choiste comhairleach eolas a roinnt maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise agus an phróisis pleanála teanga faoi Acht na Gaeltachta 2012 chun comhoibriú agus comhthuiscint níos fearr a chothú idir na páirtithe éagsúla i dtaca leis an réimse oibre sin. Tá súil agam go gcuideoidh bunú an choiste seo go mór le haidhmeanna na straitéise a chur i gcrích ar bhonn comhpháirtíochta. Tionólfar an chéad chruinniú den Coiste Comhairleach ar an 2 Aibreán.

Ar cheann de na héilimh atá déanta ag lucht léirsithe le déanaí ná gur chóir go mbeadh seirbhísí trí Ghaeilge ar fáil ón Státchóras, ach go háirithe sa Ghaeltacht. Is aidhm lárnach pholasaí de chuid an Rialtais é úsáid na Gaeilge a threisiú agus tá sé ina ghné thábhachtach den pholasaí sin go mbeidh baill foirne atá inniúil sa Ghaeilge ar fáil sa Státchóras. Ar ndóigh, tá an cheist maidir le cumas comhlachtaí poiblí seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge agus ceist na hearcaíochta don Státchóras fite fuaite lena chéile.

Mar thoradh ar chinneadh a thóg an Rialtas i mí Dheireadh Fómhair 2013 chun cumas na Gaeilge sa Státseirbhís a threisiú, tá an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ag iarraidh ar Ranna Rialtais agus ar Oifigí Rialtais sainaithint a dhéanamh ar phoist agus ar réimsí oibre ina dteastaíonn oifigigh le Gaeilge mar chuid den phróiseas pleanála don fhórsa oibre. Táthar ag iarraidh ar Ranna aird a thabhairt ar phoist atá lonnaithe i gceantair Ghaeltachta nó a dhéanann freastal ar cheantair Ghaeltachta. Beidh an próiseas seo lárnach chun a chinntiú go ndéanfar foráil dhóthanach i gcomórtais earcaíochta amach anseo do cheapacháin i bpoist ina dteastaíonn oifigigh le Gaeilge.

Ina theannta sin, sonrófar na poist sin ina dteastaíonn oifigigh le Gaeilge i scéimeanna teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 amach anseo. Mar chéad chéim sa phróiseas seo,cuirfear na socruithe nua i bhfeidhm don chomórtas earcaíochta d’oifigigh feidhmiúcháin. Tá sé beartaithe fophainéal de dhaoine atá inniúil sa Ghaeilge a chruthú ar a mbeidh 6% de líon an phainéil iomláin air.

Chomh maith leis na beartais seo, tá comhaontú seirbhíse sínithe ag mo Roinnse leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe chun oiliúint sa Ghaeilge agus tástáil inniúlachta a sholáthar don Státseirbhís agus d’eagraíochtaí seirbhíse poiblí ar leith. Is comhartha dóchais é go bhfuil, ó mhí na Samhna 2011 i leith, os cionn 300 seirbhíseach poiblí tar éis páirt a ghlacadh i gcúrsaí oiliúna atá eagraithe ag an chomhlacht oiliúna Gaelchultúr, a bhfuil conradh acu le Foras na Gaeilge chun cúrsaí oiliúna a sholáthar don tseirbhís phoiblí.

Ba mhaith liom an deis seo a ghlacadh le tréaslú leis anUasal Rónán Ó Domhnaill a fuair a shéala ón Uachtarán inné agus atá ceaptha anois mar Choimisinéir Teanga. Ba mhaith liom fosta gach rath a ghuí air agus é ag tabhairt aghaidh ar a chuid cúraimí a chur i gcrích faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

Tá athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 beagnach críochnaithe agus go bhfuil sé i gceist na dréacht-Chinn den Bhille chun an tAcht a leasú a chur faoi bhráid an Rialtais go luath agus foilsíodh é go luath ina dhiaidh sin.

Mar fhocal scoir, is breá liom go bhfuil deis againn aitheantas chuí á thabhairt don ár dteanga féin le linn seachtain mhór na Gaeilge agus seachtain mhór na hÉireann.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.