Dáil debates

Thursday, 6 March 2014

Government's Priorities for the Year Ahead: Statements (Resumed)

 

1:50 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source

Fáiltím roimh an deis chun labhairt sa Dáil maidir leis an athbhreithniú ar chlár an Rialtais mar a bhaineann sé leis na cúraimí atá orm mar Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. Tugadh gealltanais shonracha i gclár an Rialtais maidir le cur i bhfeidhm na straitéise 20 bliain don Ghaeilge, cruthú fostaíochta sa Ghaeltacht, athbhreithniú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus athbhreithniú a dhéanamh ar na cláir maoinithe a chuirtear ar fáil d'eagraíochtaí Gaeilge. Tá sé i gceist agam labhairt leis an Teach inniu faoin méid atá déanta maidir le cur i bhfeidhm na ngealltanas sin, ceann ar cheann.

Tá sé ráite i gclár an Rialtais go dtabharfaidh an Rialtas tacaíocht don straitéis 20 bliain don Ghaeilge agus go ndéanfaidh sé na spriocanna indéanta atá luaite inti a sheachadadh. Tá an Rialtas thar a bheith tiomanta do chur chun cinn na Gaeilge. Tá cur i bhfeidhm na mbeart éagsúil faoin straitéis mar bhunchloch dár bpolasaí chuige sin. Tá dul chun cinn á dhéanamh maidir le raon leathan gníomhaíochtaí faoin straitéis a chur i bhfeidhm de réir a chéile ar bhealach córasach laistigh de na hacmhainní teoranta atá ar fáil. Léiríonn an tuarascáil ar an dul chun cinn atá déanta le trí bliana anuas, a foilsíodh anuraidh, agus na pleananna forfheidhmithe a d'fhoilsigh na Ranna Rialtais ábhartha ag an am céanna, 11 acu san iomlán, go bhfuil cur chuige soiléir ann maidir le cur i bhfeidhm na straitéise.

Ní miste a lua go bhfuil allúntas ar leith de €500,000 curtha ar fáil don straitéis don chéad uair riamh i mbliana mar chuid de Mheastacháin Athbhreithnithe mo Roinne. Is léiriú follasach é seo ar chur i bhfeidhm an ghealltanais i gclár an Rialtais. Cuirfidh an maoiniú seo ar chumas mo Roinne tabhairt faoi ghníomhaíochtaí éagsúla a thacóidh leis an phróiseas pleanála teanga ar an talamh. Airítear anseo tacaíocht d'eagraíochtaí pobail chun cabhrú leo tabhairt faoi phleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú faoi Acht na Gaeltachta 2012. Tá an próiseas pleanála teanga faoi Acht na Gaeltachta 2012 á chur i bhfeidhm ag mo Roinn i gcomhar le hUdarás na Gaeltachta agus le Foras na Gaeilge. Táthar ag tabhairt tús áite do na limistéir pleanála teanga Ghaeltachta atá aitheanta chun críche an Achta. Foilsíodh na chéad fhógraí faoin Acht i mí na Nollag 2013 i gcás Chiarraí thiar; Chois Fharraige; agus Ghaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir. Táim ag súil go mbeidh deich bhfógra eile foilsithe i mbliana agus go ndéanfar na fógraí eile ina dhiaidh sin. Ar ndóigh, tá an t-údarás freagrach faoin Acht as tacaíocht a thabhairt d'eagraíochtaí maidir le hullmhú agus cur i bhfeidhm pleananna teanga sna limistéir pleanála teanga Ghaeltachta.

Maidir leis na bailte seirbhíse Gaeltachta, tá sé i gceist ag mo Roinn próiseas comhairliúcháin a reáchtáil maidir le roghnú na mbailte is oiriúnaí le bheith aitheanta faoin Acht mar bhailte seirbhíse Gaeltachta. I gcás na líonraí Gaeilge, tuigtear dom go bhfuil sé i gceist ag Foras na Gaeilge scéim na líonraí Gaeilge a fhógairt ag tús na bliana seo chugainn. Mar is eol don Teach, cuireann Acht na Gaeltachta 2012 an creatlach reachtúil ar fáil chun tabhairt faoin bpróiseas pleanála teanga ar bhonn comhordaithe. Táthar ag súil go mbeidh an pobal, an earnáil dheonach, an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach ag obair as lámha a chéile chun tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge sna ceantair éagsúla a bheidh aitheanta faoin Acht. Is trí phleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú ag leibhéal an phobail a thabharfar tacaíocht don Ghaeilge mar theanga phobail agus teaghlaigh i gceantair Ghaeltachta agus i gceantair eile taobh amuigh den Ghaeltacht.

Mar is eol don Teach, tá cruthú fostaíochta ar an gcéad chloch ar phaidrín an Rialtais. Chomh fada is a bhaineann sé le cruthú fostaíochta sa Ghaeltacht, níl dabht ar bith ach go bhfuil obair den scoth déanta ag Údarás na Gaeltachta ón uair gur bunaíodh é sa bhliain 1980 agus freagracht air as forbairt eacnamaíochta, sóisialta agus cultúrtha na Gaeltachta. Creidim gur éirigh le hÚdarás na Gaeltachta infheistíocht shubstaintiúil a mhealladh chun na Gaeltachta thar na blianta. Tá sé thar a bheith tábhachtach a chinntiú go leanfar leis an infheistíocht sin chun pobal labhartha na Gaeilge a choinneáil sa Ghaeltacht. Tá comharthaí le feiceáil ar fud na Gaeltachta mar thoradh ar an infheistíocht a dhéanann an t-údarás inti. Bhí an líon ba lú caillteanais post le 30 bliain anuas i gcliantchuideachtaí an údaráis le linn 2013, rud a léiríonn an obair fhiúntach atá ar siúl acu chun bonn seasmhach a choimeád faoin fhostaíocht sa Ghaeltacht. Is ábhar sásaimh é gur éirigh leis an údarás 616 post a chruthú anuraidh agus go raibh 7,650 post i gcliantchuideachtaí an údaráis ag deireadh na bliana, ag tógáil san áireamh an aeráid dúshlánach eacnamaíoch atá ann faoi láthair. Tá sé mar sprioc ag an údarás 520 post nua a chruthú i mbliana, mar atá ráite sa phlean gníomhaíochta um fhostaíocht 2014 a d'fhoilsigh an Rialtas an tseachtain seo caite.

Ina theannta sin, tá forbairt an ionaid do chuairteoirí ag Teach an Phiarsaigh san áireamh mar chuid den chomóradh ar 1916. Beidh an t-ionad seo tábhachtach do chruthú fostaíochta, go díreach agus go hindíreach, agus don turasóireacht chultúrtha i gceantar Ros Muc i nGaeltacht Chonamara. Mar thoradh ar an phacáiste spreagtha caipitil de chuid an Rialtais, tá allúntas ar leith de €500,000 curtha ar fáil i mbliana do Theach an Phiarsaigh ionas gur féidir ionad do chuairteoirí a thógáil i Ros Muc mar chuid de chlár cuimhneacháin 2016. Tá na céimeanna cuí idir lámha ag mo Roinn i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta, Comhairle Contae na Gaillimhe, Fáilte Éireann agus Oifig na nOibreacha Poiblí chun an togra seo a chur i gcrích in am do chomóradh 100 bliain Eirí Amach na Cásca. Tá mé fíorbhuíoch don Aire, an Teachta Deenihan, atá mar chathaoirleach ar an ngrúpa comhairle maidir leis na himeachtaí seo, as an tacaíocht atá sé ag tabhairt don tionscnamh.

Maidir leis an ngealltanas a tugadh i gclár an Rialtais faoi athbhreithniú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, is féidir liom a dhearbhú go bhfuil an t-athbhreithniú sin críochnaithe anois agus go gcuirfear dréacht-chinn an Bhille chun an tAcht a leasú faoi bhráid an Rialtais go luath. Ba iad aidhmeanna an athbhreithnithe a chinntiú gur meicníocht é an tAcht a thacaíonn le forbairt na Gaeilge ar bhealach atá éifeachtach agus éifeachtúil ó thaobh costais de agus go bhfuil na dualgais a eascraíonn ón Acht cuí chun soláthar sásúil seirbhísí trí Ghaeilge ag comhlachtaí poiblí a chinntiú, de réir an éilimh atá orthu ón bpobal. Fuarthas thart ar 1,400 freagra ar an suirbhé agus 262 aighneacht le linn an phróisis chomhairliúcháin a eagraíodh mar chuid den athbhreithniú. Tá sé i gceist na dréacht-chinn a chur faoi bhráid an Chomhchoiste um Chomhshaol, Iompar, Chultúr agus an Ghaeltacht agus iad a fhoilsiú ar shuíomh Idirlín mo Roinne, i dteannta thorthaí an phróisis chomhairliúcháin, chomh luath agus atá cead an Rialtais faighte chuige sin.

Chomh maith leis na leasuithe éagsúla atá beartaithe mar thoradh ar an athbhreithniú ar an Acht, beidh forálacha a bhaineann le cónascadh Oifig an Choimisinéara Teanga le hOifig an Ombudsman san áireamh i ndréacht-chinn an Bhille. Ba mhaith liom a threisiú anseo inniu nach gcuirfidh an cónascadh seo isteach ar neamhspleáchas an Choimisinéara Teanga i bhfeidhmiú a chuid cumhachtaí agus go bhfanfaidh an oifig sa Ghaeltacht. Tá na céimeanna cuí tógtha ag mo Roinn chun an coimisinéir nua a cheapadh i gcomhréir le halt 20(3) d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, a deir gurb é Uachtarán na hÉireann a dhéanann duine a cheapadh mar Choimisinéir Teanga ar chomhairle an Rialtais tar éis do Dháil Éireann agus do Sheanad Éireann rúin a rith ag moladh an duine a cheapadh. Ós rud é go bhfuil na rúin sin rite anois, tuigtear dom go ndéanfaidh an tUachtarán an tUasal Rónán Ó Domhnaill a cheapadh mar an dara Coimisinéir Teanga go han-luath.

Maidir leis an ghealltanas a tugadh i gclár an Rialtais faoi athbhreithniú a dhéanamh ar na cláir mhaoinithe a chuirtear ar fáil d'eagraíochtaí Gaeilge, tá an t-athbhreithniú sin tugtha chun críche ag Foras na Gaeilge. Mar thoradh air sin, rinne an Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas socruithe nua maoinithe a fhaomhadh, in ionad múnla reatha bunmhaoinithe Fhoras na Gaeilge, ag a chruinniú i mí Iúil 2013. Faoi na socruithe nua, beidh tosaíochtaí straitéiseacha ar leith á seachadadh ag sé eagraíocht cheannais a bheidh ag feidhmiú ar bhonn uile-oileáin agus atá roghnaithe ag an tráth seo ag Foras na Gaeilge. Is iad Gaelscoileanna, Conradh na Gaeilge, Gael Linn, Oireachtas na Gaeilge, Glór na nGael agus Cumann na bhFiann na heagraíochtaí ceannais atá i gceist.

Tiocfaidh na socruithe nua maoinithe i bhfeidhm ón 1 Iúil 2014. Cinnteoidh an cur chuige úr go mbeidh níos mó airgid ag dul i dtreo sheirbhísí túslíne a sheachadadh sa dá dhlínse seachas ar chostais riaracháin na n-eagraíochtaí.

Ina theannta sin, tá Foras na Gaeilge ag tabhairt faoi na fóraim chuí a chur ar bun le tacú leis an chur chuige úr seo, is iad sin, an fóram comhpháirtíochta uile-oileáin agus an fóram forbartha teanga uile-oileáin. Beidh an fóram comhpháirtíochta uile-oileáin comhdhéanta de cheannasaithe na n-eagraíochtaí ceannais agus Foras na Gaeilge. Bunófar an fóram seo chun cur chuige comhoibríoch ag na heagraíochtaí ceannais a chinntiú. Beidh an fóram forbartha teanga uile-oileáin ionadaíoch de shainleasa teanga áitiúla atá maoinithe ag Foras na Gaeilge ag leibhéal an phobail. Tabharfaidh an fóram seo aischothú don fhóram comhpháirtíochta ar fheidhmiú na dtosaíochtaí straitéiseacha ar an talamh. Mar fhocal scoir, tá súil agam go bhfuil léargas tugtha agam don Teach ar an obair atá ar siúl chun na gealltanais shonracha a bhaineann leis an Ghaeilge agus an Ghaeltacht i gclár an Rialtais a chur i gcrích. Mar a thuigfidh an Teach, is obair leanúnach atá i gceist. Tá mo Roinn ag tabhairt faoi ar bhealach córasach i gcomhar leis na páirtithe leasmhara ábhartha taobh istigh de na hacmhainní atá ar fáil dúinn ag an am seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.