Dáil debates

Wednesday, 19 February 2014

Garda Síochána Ombudsman Commission: Motion (Resumed) [Private Members]

 

7:00 pm

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Donegal South West, Sinn Fein) | Oireachtas source

I ndaonlathas ar bith atá ag feidhmiú i gceart, go háirithe i bpoblacht, tá sé iontach soiléir go gcaithimid glacadh le cuid de na bunphrionsabail. Ceann de na bunphrionsabail sin ná nach féidir leis na póilíní iad féin súil a choinneáil orthu féin. Ceann de na riachtanais eile atá de dhíth i ndaonlathas atá ag feidhmiú i gceart, go háirithe i bpoblacht, ná go bhfuil muinín an phobail de dhíth againn sna póilíní agus go gcaithfidh an mhuinín sin a bheith chomh h-ard le 100% agus is féidir léi a bheith.

Tá a fhios againn sa Teach seo gur bunaíodh an GSOC mar gheall ar mholtaí a tháinig ón binse fiosrúcháin Morris a bhí bunaithe i mo chontae dúchais, Dún na nGall. Léirigh an binse Morris go raibh roinnt gardaí ag baint mí-úsáide as an gcumhacht a bhí acu agus go raibh seo ag tarlú ní hamháin ag an bun leibhéal sa Gharda Síochána ach ag an leibhéal is sinsearaí ann. Léirigh seo an gá le hathrú i réimsí cosúil le láimhseáil fáisnéiseoirí agus go leor réimsí eile. Léirigh an binse fiosrúcháin, a shuigh ar feadh tamaill fada, dúinn uilig na hionsaithe a rinneadh ar theaghlach chlann McBrearty a bhí ag tarlú arís agus arís eile.

Is é seo an comhthéacs inar tugadh isteach Acht an Gharda Síochána, an GSOC agus cigireacht an Gharda Síochána. Ón tús, rinne Sinn Féin argóint an-láidir nach raibh na cumhachtaí cuí ag GSOC le a bpost a dhéanamh mar ba cheart. Dúirt muid gur chóir go mbeadh maoirseacht á dhéanamh ag GSOC ar Choimisinéir an Gharda Síochána, de réir mar atá an scéal leis an ombudsman agus leis an gconstábla príomhfheidhmeannach sna Sé Chontae. Ag deireadh an lae, is garda é an Coimisinéir agus ba chóir déileáil leis cosúil le achan garda eile. Dúirt muid gur chóir go mbeadh an córas PULSE ar fáil do GSOC go díreach, gan láithreacht a bheith ann ón Garda Síochána agus iad ag úsáid an chórais sin. Fosta, dúirt muid gur iad sin a bhí sásta eolas a scaoileadh ar na gardaí agus gur chóir go mbeadh an ceart acu dul díreach leis an eolas sin go dtí an ombudsman. Ba chóir freisin go mbeadh an ceart ag whistleblowers dul díreach chuig an ombudsman.

Anois, beagnach deich mbliana i ndiaidh bhinse fiosrúcháin Morris, is mór an trua nach bhfuil na ceachtanna go huile agus go hiomlán foghlamhtha againn. Tá sé soiléir nach bhfuil na moltaí a tháinig ó bhinse Morris maidir le nósanna imeachta - ó thaobh an dóigh a láimhseáileann An Garda Síochána fáisnéiseoirí agus i gcomhthéacs tógáil nótaí cuimsitheacha ag gardaí - curtha i bhfeidhm. Caithfidh muid cuimhneamh gur seo binse a chosain cáiníocóirí na tíre seo €60 milliún. Tá sé soiléir, agus is mór an trua é, nach bhful na ceachtanna uilig ón binse sin foghlamtha ag lucht bainistíochta an Gharda.

Tá go leor tagairt déanta ar na mallaibh ar chás Boylan mar shampla eile de chleachtas dona atá ag tarlú go fóill taobh istigh den seirbhís. Níl dabht ar bith go bhfuil imní mhór ar phobal na tíre seo ar an mhéid atá ag titim amach in GSOC - gur shíl siad go raibh a gcuid oifigí á bhugáil agus gur chuir siad tús le fiosrúchán isteach sa cheist agus gur dhírigh siad an méar ar an Garda féin. Tá go leor cloiste againn faoi sin agus níos mó cloiste againn anocht sa choiste ag a bhfuil an tAire, an Teachta Shatter, ag tabhairt eolais. Ach caithimid cuimhne a choinneáil ar an bhuncheist, gur shíl GSOC go raibh a oifigí á bhugáil, gur sheol siad fiosrúchán agus go raibh an méar sínte acu ar An Garda Síochána.

The truth must be seen to be emerge and the best way to let that happen is through a truly independent inquiry. The Government's plan smacks of a desperate attempt at damage limitation and will not address the concerns of the public. It is a reactionary Government whose first instinct is to protect the police service above the office of the ombudsman. It was wrong of the Minister for Justice and Equality, Deputy Shatter, to try to turn this incident on its head and put the Garda Síochána Ombudsman Commission, GSOC, in the dock. Entrusting the Minister to set the terms of reference means that the inquiry will do nothing to restore public confidence.

This crisis could be an opportunity to make a break from past bad habits and move our society and police service into a more modern and transparent era where accountability and oversight is cherished and not feared. Instead, the conservative instinct of this Government has won and no questions are to be asked without prior approval. It is not too late for this Government to bring about a truly independent inquiry that will be about getting to the truth and not about getting over this week's political crisis. The public will not settle for a cop-out and it demands an independent inquiry into the affair.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.