Dáil debates
Tuesday, 18 February 2014
An Coimisinéir Teanga a Cheapadh: Motion
8:10 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael) | Oireachtas source
Ba mhaith liom buíochas a thabhairt do na Teachtaí go léir a labhair ar an rún seo sa Dáil inniu. Ba mhaith liom freisin mo bhuíochas a chur in iúl dóibh as an bhfáilte chroíúil fhlaithiúil a chur siad roimh ainmniúchán Rónán Ó Domhnaill mar an dara Coimisinéir Teanga sa tír seo. Léiríonn an méid a bhí le rá ag na Teachtaí an meas, an urraim agus an aithne atá acu ar an bhfear seo. Ón eolas agus ón aithne atá agam féin air, táim cinnte nuair a bheidh sé ainmnithe ag Uachtarán na hÉireann mar an dara Coimisinéir Teanga, go mbeidh sé éifeachtach, díograsach agus dícheallach i gcomhlíonadh a chuid dualgas. Mar atá ráite ag na Teachtaí ar fad, is fear é a rugadh agus a tógadh sa Ghaeltacht. Is cainteoir dúchais é, tá cáilíochtaí acadúla aige agus tá taithí aige ar chúrsaí an Tí seo agus ar chúrsaí an Státchórais. Tá aithne air ní hamháin anseo, ach ar fud na tíre. Tá an t-ádh orainn go raibh duine leis na cáilíochtaí sin sásta a ainm a ligint chun tosaigh le bheith ainmnithe mar choimisinéir.
Ba mhaith liom buíochas agus aitheantas a thabhairt freisin do na 20 duine eile a chur a gcuid ainmneacha isteach agus a léirigh suim sa phost seo. Bhí ard-cháilíochtaí ag gach duine acu agus d'fhéadfadh éinne acu a bheith ina choimisinéir ná ina Choimisinéir Teanga, ach tar éis na hiarratais a scrúdú agus a mheas, shíl mé féin agus mo chuid comharleoirí go raibh na cáilíochtaí ceart, cuí agus oiriúnach ag Rónán Ó Domhnaill. Ba mhaith liom arís mo bhuíochas a chur in iúl don Coimisinéir Teanga a bhí againn le deich mbliana. Rinne sé a chuid oibre go héifeachtach. Ní raibh an jab éasca, ach líon sé a chuid dualgas go héifeachtach agus is cinnte go ndearna sé seirbhís don Stát seo agus do theanga na Gaeilge.
Nílim chun dul isteach i rudaí polaitíúla ag an phointe seo, ach ón taobh ar a bhfuil mé - mar adúirt an iar Teachta Ó Donnagáin 33 bliain ó shin sa Dáil seo - aithním go raibh suim agam i gcónaí i gcúrsaí Gaeilge. Bhí suim agam i reachtaíocht don Ghaeilge agus is minic a bhí mé mar urlabhraí ar an bhinse tosaigh don Fhreasúra ar chúrsaí Gaeltachta agus Gaeilge. Bhí mé mar chathaoirleach ar an chomhchoiste a bhí ag plé le Gaeilge i 1994, 1995 agus 1996. Bhí aithne ag daoine orm ó ghach taobh mar dhuine a raibh meas aige ar an Ghaeilge agus ar an teanga agus bhí a fhios acu go raibh mé féin as an Ghaeltacht.
Ní aontaím ar chor ar bith leis an rud atá á rá ag daoine, go bhfuil an Rialtas seo i gcoinne na Gaeilge. Níl sin fíor; tá sé bréagach. Tá sé bréagach amach is amach. Níl muid i gcoinne na Gaeilge. Bhí mé ag éisteacht le cainteoirí anseo agus sheas siad suas agus labhair siad ar an ábhar seo agus dheimhnigh gach duine acu, cé acu ar labhair siad i mBéarla nó i nGaeilge, go bhfuil meas acu ar an teanga agus go bhfuil siad sásta gach tacaíocht, cuidiú agus comhairle a thabhairt don choimisinéir úr. Geallaim don Teach, nuair a bheidh sé ainmnithe ag Uachtarán na hÉireann, go ndéarfaidh mise an rud cheanann céanna.
Deirtear nach bhfuil seirbhísí á chur ar fáil i nGaeilge do mhuintir na hÉireann agus do mhuintir na Gaeltachta. Tá sin fíor. Táim i mo chónaí sa Ghaeltacht agus tá aithne agam ar mhuintir na Gaeltachta. Tá a fhios agam go mbíonn orthu labhairt i mBéarla go minic nuair a bhíonn siad ag labhairt le oifigigh. Ní haon rún é sin, ach ní Dinny McGinley a chruthaigh é sin. Fuair mise é sin le h-uacht; fuair mé mar oidhreacht é. Ní ormsa atá an locht maidir leis an easnamh atá sna seirbhísí Gaeilge nó i dtaobh seirbhísí nach bhfuil ansin. Ní ar an Rialtas seo atá an locht ach an oiread. Dúirt an Coimisinéir Teanga féin go bhfuil an locht ar ghach Rialtas agus ar an Stát. An rud atá an Taoiseach ag iarraidh a dhéanamh, agus é mar chathaoirleach ar an choiste Gaeilge, ná iarracht ionraic a dhéanamh na deacrachtaí seo a leigheas. Sin an rud atá á dhéanamh againn.
Cibé córas a bhí i bhfeidhm le 40 bliain anuas chun státsheirbhísigh a thabhairt isteach a bhfuil Gaeilge acu, níor éirigh leis. Dá mba rud é gur éirigh leis, ní bheadh muid ag argóint agus ag plé na ceiste seo inniu. Táimidne chun rud éigin a dhéanamh, rud a mhol an coimisinéir atá tar éis éirí as oifig agus a mhol lucht na Gaeilge agus a mhol na daoine a bhí ag an mórshiúl Dé Sathairn. Táimid chun tabhairt faoi réiteach na faidhbe seo ag an phointe earcaíochta - recruitment. Sin an fáth go bhfuil cur chuige úr ar bun ag an Rialtas anois. Sin an fáth, nuair a bheidh an chéad fheachtas earcaíochta eile ar siúl - beidh sé ar siúl gan mhoill - go mbeidh gá le Gaeilge líofa a bheith ag cuóta áirithe de na hoifigigh feidhmiúcháin a bheidh á cheapadh agus go mbeidh siad ábalta a gcuid oibre a dhéanamh le saoránaigh na hÉireann i nGaeilge nó i mBéarla. Is céim ar aghaidh mhór í sin.
Chomh maith le sin, tá treoir tugtha do gach Roinn scrúdú nó audit á dhéanamh - ó threoir ón Roinn Caiteachais Phoiblí - ar cén áit i ngach Roinn a bhfuil feidhm le cainteoirí Gaeilge. Tá an scrúdú sin ar siúl i láthair na huaire agus tá mise iontach dóchasach go líonfaidh muid an bhearna sin. Bhí na daoine a bhí ar an mórshiúl ag caint faoi leasú ar Acht na dTeangacha 2003. Is féidir liom a dhearbhú don Dáil go bhfuil an leasú sin idir láimhe againn, go bhfuil dréacht chinn an Bhille ullmhaithe agus go mbeidh siad ag dul chuig an Rialtas le linn an téarma seo. Tá sin ráite agam arís agus arís eile, ach táim á rá arís sa Dáil anois.
Tá súil agam nuair a rachaidh an rún seo maidir leis an gcoimisinéir nua tríd an Oireachtais agus nuair a cheapfaidh an tUachtarán é, go rachaidh sé i mbun oifige díreach. Tá dúshláin roimhe agus geallaim go dtabharfaidh mise gach cúnamh gur féidir liom dó. Tig liom a dhearbhú go mbeidh cuidiú agus tacaíocht an Rialtais ar fáil chomh maith, mar go bhfuil comhchoiste na Gaeilge againn sa Rialtas. Tá an Taoiseach mar chathaoirleach ar an choiste sin agus tá na hAirí cuí air. Bím féin i láthair ag na cruinnithe. Tá cruinniú eile le bheith againn an tseachtain seo nó roimh dheireadh na seachtaine seo chugainn. Tagann muid le chéile go rialta agus beidh muid ag scrúdú na pointí, na hiarratais agus na gearáin a bhí ag na daoine a bhí amuigh ag mairseáil an lá eile.
Maidir leis an march, ní raibh aon rud agamsa ina gcoinne.
An cheist gur mhaith liom a chur ná: Cén fáth nach raibh an march ar siúl deich mbliana ó shin nó cén fáth nach raibh an march 20 bliain ó shin? Más mall is mithid. Ba mhaith liom an rún seo a mholadh don Teach, go gcuirfidh muid ainm an duine uasal, éifeachtach, Rónán Ó Domhnaill ar aghaidh chuig Uachtarán na hÉireann le é a cheapadh mar an dara Coimisinéir Teanga.
No comments