Dáil debates

Tuesday, 18 February 2014

An Coimisinéir Teanga a Cheapadh: Motion

 

8:00 pm

Photo of Patrick O'DonovanPatrick O'Donovan (Limerick, Fine Gael) | Oireachtas source

Tá áthas orm cúpla focal a rá ar an rún seo - go molann Dáil Éireann Rónán Ó Domhnaill lena cheapadh ag an Uachtarán mar Choimisinéir Teanga - atá os comhair na Dála tráthnóna. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an gcoimisinéir atá ag éirí as, Seán Ó Cuirreáin, as ucht an méid atá déanta aige ar son na teanga. Is maith an rud é an Ghaeilge a chloisteáil sa Teach i rith na díospóireachta seo. Tá Seachtain na Gaeilge ag teacht arís agus beidh deis againn go léir páirt a ghlacadh i Lá na Gaeilge. Ba chóir do Theachtaí ó gach páirtí iarracht níos mó a dhéanamh an teanga a úsáid san Oireachtas.

Cé nach bhfuil mé i mo shaineolaí, tá an-suim agam i mo theanga dhúchasach. Tá mé sásta úsáid a bhaint as mo chuid Gaeilge nuair a bhíonn seans agam. B'fhéidir go n-aontaíonn an tAire Stáit nach bhfuil Gaeilge róláidir agam i gcomparáid leis na Teachtaí ó chontaetha ar nós Gaillimh agus Ciarraí. Ba chóir dúinn go léir an teanga a úsáid. Admhaím go bhfuil obair le déanamh agam chun feabhas a chur ar mo chuid Gaeilge. B'fhéidir go mbeidh seans ag an Aire Stáit cabhair a thabhairt dom agus mé ag iarraidh mo chumas a fheabhsú. Is léir go bhfuil fíorghrá ag an Aire Stáit don teanga agus go bhfuil sé tiomanta ina leith. Tá a dhícheall déanta aige, ón uair a tháinig sé isteach sa Dáil sa bhliain 1982, cás na Gaeilge a chur chun cinn. Nuair a ceapadh é mar Aire Stáit, bhí sé soiléir go gach Teachta sa Dáil, ó gach páirtí, go raibh an post sin tuillte aige.

Tá súil agam go n-éireoidh go geal leis an gCoimisinéir Teanga nua, Rónán Ó Domhnaill, agus go mbeidh an t-ádh leis. Duine den chéad scoth is ea é. Tá sé soiléir ón am a chaith sé ag obair le RTÉ gur duine macánta é. Níl aon dabht ná go bhfuil an post seo tuillte aige. Nuair a bhí sé i mbun agallamh trí mheán na Gaeilge le RTÉ, thaitin sé liom gur dhein sé a dhícheall cabhair a thabhairt do pholaiteoirí nach raibh an Ghaeilge mar phríomhtheanga acu. Bhí sé sin an-tábhachtach. Beidh sé in ann an scil chéanna a úsáid mar Choimisinéir Teanga nuair a bheidh sé ag obair le comhlachtaí poiblí agus daoine áirithe nach bhfuil an Ghaeilge mar phríomhtheanga acu. Is cinnte, ós rud é gur éirigh le Rónán Ó Domhnaill sa phróiseas seo, gur duine den chéad scoth é.

Níl aon dabht ná go mbeidh ar an gcoimisinéir nua déileáil le mórán dúshlán ina phost nua má tá sé chun dul chun cinn a dhéanamh i dtaobh na Gaeilge. I measc feidhmeanna an oifig atá leagtha amach sa reachtaíocht, tá sé de dhualgas ar an gcoimisinéir a chinntiú go gcomhlíonann comhlachtaí poiblí forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla. Tá sé tábhachtach go gcoimeádfaidh an coimisinéir súil ar na comhlachtaí agus oifigí poiblí go léir ar fud na tíre ionas go mbeidh seans ag muintir na tíre seirbhísí a úsáid trí mheán na Gaeilge. Aontaím leis an Aire Stáit go bhfuil sé tábhachtach a chinntiú go bhfuil caiteachas ar an nGaeilge dírithe ar an mbealach is éifeachtaí an teanga a fhorbairt. Ba cheart do gach Teachta iarracht a dhéanamh níos mó deiseanna a chruthú do gach duine an teanga a úsáid agus a fhorbairt.

Tá sé ráite agam cheana leis an Aire Stáit, an Teachta McGinley, gur mór an trua é nach bhfuil roinnt mhaith daoine in ann úsáid a bhaint as an nGaeilge tar éis blianta a chaitheamh ar scoil ag foghlaim na teanga. Dúshlán mór atá ann don tír, don Roinn agus don Oireachtas. Cé go bhfuil an-chuid oibre déanta ag na gaelscoileanna agus na heagraíochtaí Gaeilge, tá sé soiléir gur chóir dúinn go léir ár ndícheall a dhéanamh chun dul chun cinn a dhéanamh leis na fadhbanna móra sa chomhthéacs seo. Cuirim fáilte roimh an rún seo. Tá súil agam go n-éireoidh go breá le Rónán Ó Domhnaill, a thagann as ceantar Gaeltachta i gContae na Gaillimhe. Tá a chosa ar an talamh aige. Tuigeann sé fadhbanna an teanga.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.