Dáil debates

Thursday, 13 February 2014

Topical Issue Debate

Heritage Projects

4:45 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit as ucht tairiscint a dhéanamh go mbeidh cruinniú an tseachtain seo chugainn. Tá súil agam go gcloisfidh muid faoi sin. Is dóigh liom gur dul chun cinn a bheadh ann. Ar ndóigh, tá súil againn nach dtarlóidh tada don bhád idir an dá linn, ach go gcuirfí ar thalamh tirim é. Glacaim leis an méid a dúirt an tAire Stáit ina fhreagra ó thaobh an dlí de, sé sin, nach bhfuil sé seo ceangailte le haon ócáid mhór stairiúil.

Bímid i gcónaí ag caint na laethanta seo faoi stair an phobail. Ní bhaineann an stair díreach le daoine mór le rá. Is stair atá anseo. Nuair a d'imigh an bád sin, d'imigh an córas a bhí ann ag an am. Nuair a théadh an bád amach go dtí Inis Meáin agus Inis Oírr, ní théadh sé chomh fada leis na céanna. Thagadh na curacha amach. Bhíodh na beithígh á dtarraingt i ndiaidh na gcuracha agus iad ag snámh amach go dtí an bád. Saol eile ar fad a bhí ann. Bhíodh na páistí á n-iompar isteach sna curacha go dtí na hoileáin. Ní tharlóidh sé sin - buíochas le Dia - go brách na breithe arís. Is cuid de stair na tíre seo é go raibh a leithéid ar bun ar na hoileáin. Bhí an bád ann ar feadh i bhfad.

Agus muid ag caint faoi stair, is fiú a lua gur úsáid RTÉ an bád seo le haghaidh scannán an-mhaith a rinne siad, "The Treaty". Nuair a bhí Collins ag dul go Sasana sa scannán, is ar an mbád seo, seachas bád amuigh i nDún Laoghaire, a bhí sé. Tá ceangal stairiúil le hócáidí thar a bheith stairiúil ag an mbád sin. Níl ag teastáil ach cúpla mí ionas go mbeadh deis ag daoine rud éigin a eagrú. Beidh beagáinín slándáil i gceist. B'fhéidir go mbeidh costas beag ar Uiscebhealaí Éireann. Ní dóigh liom go mbeidh sé suntasach i gcomhthéacs an maitheas a d'fhéadfadh sé seo a dhéanamh dá gcoinneofaí an bád. Má táimid ag lord eiseamláir don rud a bhféadfadh a bheith i gcest, níl le déanamh againn ach cuairt a thabhairt ar Faing agus dul isteach ar an flying boat ansin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.