Dáil debates

Thursday, 13 February 2014

Topical Issue Debate

Heritage Projects

4:35 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Sheol mé uirthi roinnt mhaith uaireanta. Níl a fhios agam ar éirigh leis an Aire Stáit ariamh dul síos go dtí an áit ina raibh an t-inneall agus síos go dtí an áit ina mbíodh an captaen. Seanbhád den seandéanamh ar fad a bhí ann, ní hamháin ó thaobh conas mar a tógadh í ón taobh amuigh, ach freisin ó thaobh conas mar a stiúrtaí í ar an taobh istigh. Bhí sí ar an seandéanamh. Buíochas le Dia go bhfuil bád i bhfad níos fearr ag dul go hÁrainn anois. Caithfinn é sin a rá. Is údar sásamh é gur tháinig na céanna ar fad a thógamar ar na hoileáin, Inis Bó Finne ina measc, slán as na stoirmeacha go dtí seo.

Is cuid de stair na n-oileán é an bád seo. Is cuid de stair Bhaile Átha Cliath é, ar ndóigh, ós rud é gur tógadh an bád sa chathair. Bíodh muid ag argóint cá bhfágfar an bád nuair a bheidh sé sábháilte. Ní thiocfaidh mé isteach in aon argóint i láthair na huaire idir Baile Átha Cliath agus Gaillimh. Creidim gur scéal do lá éigin eile é sin. Cén fáth nach féidir an bád a chur isteach ar thalamh tirim agus fanacht ar feadh dhá mhí le féachaint an bhfuil dream éigin sásta caoi a chur uirthi agus moltaí foirfe a chur ar aghaidh gan aon chostas don Stát? Tá mé ag súil le freagra stuama a fháil ar an gceist sin. Ní fheicim ciall ná réasún leis an rud atá á rá - go gcaithfear an bád a bhriseadh láithreach. Tuigim go gcaithfear é a chur ar thalamh tirim réasúnta luath. Tá sé ina luí ansin ar feadh na mblianta fada. Tarlaíonn an rud céanna i gcás go leor rudaí sa tír seo. Is féidir rud a fhágáil ar feadh i bhfad, ach go tobann deirtear go gcaithfear rud éigin a dhéanamh faoi amárach. Tá an bád sin ann ó tháinig na báid nua go hÁrainn. Caithfidh gur féidir é a fhágáil ar thalamh tirim ar feadh dhá mhí eile. Feicimid céard a tharlóidh ina dhiaidh sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.