Dáil debates

Wednesday, 5 February 2014

12:40 pm

Photo of Gerry AdamsGerry Adams (Louth, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá cúpla ceist agam maidir le reachtaíocht atá fórógraithe - the official languages Bill. D'fhógair an Coimisinéir Teanga ag tús mí na Nollag go raibh sé i gceist aige éirí as a phost. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le Seán Ó Cuirreáin as an mhéid a rinne sé ar son na teanga. Tá sé tábhachtach mo imní a léiriú fosta maidir leis an easpa measa atá ag an Rialtas d'Acht na dTeangacha Oifigúla agus do ról an choimisinéara. An bhfuil an Rialtas ag fanacht go dtí go mbeidh an reachtaíocht seo curtha i bhfeidhm chun Coimisinéir Teanga nua a cheapadh? An bhfuil sé i gceist ag an Rialtas coimisinéir nua a ainmniú sular gcuirtear i bhfeidhm an reachtaíocht sin? An mbeidh sé seo pléite sa Dáil?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.